*Brúigh seinm thíos chun an tAthair Peadar a chlos agus sliocht as An Craos Deamhan á léamh aige. (Tá trascríbhinn den ghearrthóg fuaime thíos freisin mar chabhair duit chun éirim a chuid cainte a thabhairt leat).
Tamall mór ó shin, tamall an-mhór ó shin, na céadta bliain sarar chuir éinne de mhuintir Shasana cos ar thalamh na hÉireann ach cos go raibh laincis iarainn uirthi, bhí rí álainn uasal ar an [Mumhain?] agus Cathal dob ainm dó, Cathal mac Finghuine. Ní raibh [fear] in Éirinn ba bhréatha ná é. Bhí sé corraíocht agus sé troithe ar airde ach bhí sé chomh dea-chumtha san gur dhóigh leat dá bhfeicfeá ina aonar é ná raibh sé ach na sé troithe ar fad. Bhí sé chomh láidir sin ná raibh aon fhear ar uaislibh Mumhan bhí ábalta ar a chlaíomh do chasadh ná ar a shleá do bheartú chun gnímh ná ar a thua do láimhseáil. I gcor iomrascála ní raibh aon fhear ar uaislibh Mumhan d’fhéadfadh a chosa do bhogadh ón dtalamh, agus fós ag rith, nó ag léimt nó ag […] nó ag rince bhí sé chomh héadrom ar a chosaibh le cú nó le fia. Bhí sé […] i gcath […] i gcomhairle, maith i gcuideachtain. Do bhí a rítheaghlach faoi rath agus séan […]
*Brúigh seinm thíos chun an tAthair Peadar Ó Laoghaire a chlos agus sliocht as Aesop a tháinig go hÉirinn á léamh aige:
Tháinig grá aige cat d’óigfhear. D’iarr an caitín ar Vénus í a chur i riocht mná óige. Do chuir, agus do pósadh í féin agus an t-óigfhear. Ansan, dob áil le Venus a dhéanamh amach ar athraigh aigne an chait fé mar athraigh a gné. Bhí an lánú ag caitheamh a gcoda lá agus do chuir Vénus luch ar an urlár. Chonaic an bhean an luch. Ní túisce a chonaic ná mar a léim sí ón mbord, do briseadh na miasa, agus do rugadh ar an luch. ‘Éirím asat,’ arsa Vénus, ‘ní dhéanfadh Éire dhíot ach cat,’ agus do chuir sí ina riocht féin arís í. Is maith atá scartha agatsa léi, ar sise leis an bhfear. ‘Briseann an dúchas trí shúilibh an chait. Seachainse, a mhic ó, agus ná pós cat i riocht mná óige, dá bhreáthacht í, nó bain[fidh sí] an chluas díot go leagfar an bord agus go mbrisfear na miasa lá éigin.’
Foilsithe ar an suíomh gréasáin seo le caoinchead ó Chló Acadámh Eolaíochtaí na hOstaire. Ph 690–691, OEAW PHA CD 14/1: 4–5, in: Gerda Lechleitner & Ulla Remmer (eds.). 2003. The Collections of Rudolf Trebitsch: Celtic Recordings – Ireland, Wales, Brittany, Isle of Man, and Scotland (1907–09). (Sound Documents from the Phonogrammarchiv of the Austrian Academy of Sciences: The Complete Historical Collections 1899–1950, Series 5/2). Vienna: Austrian Academy of Sciences Press.
Anois ó tá guth an Athar Peadar cloiste agat, seo cuntas ar conas a tharla sé gur taifeadadh é sa bhliain 1907.
CUID I: TUGAIM “NESTOR DE CHUID LITRÍOCHT NA hÉIREANN” MAR LEASAINM ORT
Roimh scéal na dtaifeadtaí a phlé, focal ar dtús faoin bhfear a dúirt gur Nestor (carachtar ón Iliad le Hóiméar) athshaolaithe a bhí san Athair Peadar agus, ar an gcaoi sin, a thug téama don chlár eolais i gclós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin i nganfhios dó féin. Ní gach lá a chuirtear i gcomparáid le laoch ón tSean-Ghréig thú agus caithfidh go raibh áthas ar an Athair Peadar mar sin nuair a d’oscail sé leabhar a fuair sé mar bhronntanas ó chara leis lá amháin agus chonaic sé scríofa air:
To Canon Peter O’Leary,
The Nestor of Irish Literature,
With affectionate regards
from,
Kuno Meyer.
Más amhlaidh, mar a dúradh ar an gclár eolais, gurbh é “Nestor” ina riocht mar “óráidí an ghutha ghlinn” ónar tháinig “caint ní ba bhinne ná an mhil féin” a chuir an tAthair Peadar i gcuimhne do Kuno, seans gur cás de “aithníonn ciaróg ciaróg eile” a bhí i gceist. Sé sin, ba dhuine béalbhinn é Kuno freisin, más fíor don chuimhne cinn seo faoi:
Scoláire fileata ab ea Meyer, scoláire ealaíonta … Nach maith is cuimhin liom an chuma a bhíodh air agus é ina sheasamh taobh thiar den léachtán … aistriúcháin ar sheanfhilíocht na Gaeilge á léamh amach aige ina ghuth aoibhinn agus ina Bhéarla foirfe féin. É seo ar fad déanta aige ar bhealach chomh nádúrtha sin gur dhóigh leat gurb í a chuid filíochta féin a bhí á aithris aige.
B’ait an péire mar chairde iad, ollamh Gearmánach agus sagart Éireannach, ach bhíodar chomh mór sin lena chéíle gur minic a chonacthas Meyer i gCaisleán Uí Liatháin agus ag teacht ar cuairt chuig an Athair Peadar (é deacair gan suntas a thabhairt don Ghearmánach dea-ghléasta agus croiméal air mar a bheadh hanlaí ar rothar!) Agus ní hé urlabhra dheas an t-aon tréith amháin a bhí i bpáirt acu ach an oiread: mar shampla, ba dhual don bheirt acu an Ghaeilge a chur chun cinn ag am nuair ba ghnách le daoine caitheamh anuas uirthi mar theanga thútach.
Ní nach ionadh gur chreid mórán cainteoirí dúchasacha go raibh rud éigin gránna ag baint leis an dteanga a labhraíodar aige baile nuair a buaileadh ar scoil iad as í a labhairt. Agus is ón mbarr anuas a tháinig an drochmheas seo mar a léirigh ollamh de chuid Choláiste na Tríonóide nuair a dhearbhaigh sé os comhair coimisiúin phoiblí sa bhliain 1899 nár cheart an Ghaeilge a bheith mar ábhar scoile mar “Irish literature where it was not religious was silly, and that where it was not silly it was indecent”.
Isteach le Kuno Meyer san atmaisféar beag is fiú seo nuair a iarradh air fianaise a thabhairt os comhair an choimisiúin chéanna. Agus é tugtha isteach mar “expert against which the Gaelic League could not cavil” , chuir sé “those Trinity College people” trína chéíle nuair (mar a rinne Dubhghlas de hÍde cur síos air go gaisciúil) ba léir gurbh ionann a chuid fianaise agus “a complete and absolute vindication of all that the Gaelic League … had done”. Ach, d’éinne a raibh aithne acu ar an Ollamh Meyer, ní chuirfeadh sé lá iontais orthu a chlos gur chosain sé an Ghaeilge go tréan. Mar b’in an rud ba dhual dó. Ag caint faoi Mheyer, dúirt scoláire Ceiltise amháin faoi go raibh “a profound belief in the dignity and importance of Celtic studies,” aige, “especially Irish, the oldest of all West-European vernaculars”.
Ar an gcaoi chéanna, bhí an tAthair Peadar chun tosaigh ar lucht a linne lena mhaíomh go raibh dínit ag baint leis an nGaeilge. Is léir seo ó conas mar a chuireann an Dictionary of Irish Biography a oidhreacht in iúl: “There is general agreement among Irish scholars that he brought the language of the people (caint na ndaoine) into modern literature with superb clarity, precision, and style.” Go deimhin, agus é ag cur in aghaidh tuairim na coitiantachta nach raibh i nGaeilge na Gaeltachta ach teanga a labhair daoine bochta gan oideachas, bhí dearcadh an Athar Peadar ní ba réabhlóidí fós, mar is léir ó roinnt comhairle a thug sé do Pheadar Ó hAnnracháin. Agus Ó hAnnracháin ar cuairt chuig an Athair Peadar i gCaisleán Uí Liatháin, d’inis sé cúpla seanfhocal dó a chuala sé óna athair féin (feirmeoir bocht agus Gaeilge ón gcliabhán aige siar i Sciobairín). Arna gclos na seanfhocail sin dó, chas an sagart beag ceannliath leis agus dúirt:
“Beirim comhairle amháin dhuit anois” ar seisean, agus mé ar tí gluaiseachta chun siubhail.
“Cad é féin a athair?” arsa mise.
“Aon uair a bheir i bponnc i dtaobh Gaedhluinne fág réidtheach na ceiste fé na daoinibh úd a thug na sean-fhocail sin duit, nó fé dhaoine éigin dá shaghas, agus ní bheidh puinn dul amugha ort. Sin iad na hollamha. Tá eolas acu ná fuil ag an lucht léighinn sa tír agus ná beidh go fóill, má bhíonn choíche.”
Chun a gceart a thabhairt don lucht acadúil, is furasta a thuiscint cén fáth gur leasc leo glacadh le caint na ndaoine mar chaighdeán liteartha nuair séard a chuirfeadh caint na ndaoine i gcuimhne duit ná labhairt i slí scaoilte neamhfhoirmiúil. Agus ní nach ionadh gur ghoill sé ar fhir ollscoile iad féin a shamhlú mar na mic léinn agus sclábhaithe feirme neamhliteartha amhail athair Uí Annracháin a shamhlú mar na hollúna chomh fada agus a bhain sé le pointí caolchúiseacha ghramadach na Gaeilge a réiteach.
Bhí Kuno Meyer agus an tAthair Peadar cosúil le dhá scadán mar sin ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn ag am nuair ba ghnách le daoine caitheamh anuas uirthi. Go deimhin, bhíodar chomh fite fuaite lena chéile in aigne an phobail nár chuir sé ionadh ar éinne, dar le Douglas Hyde, nuair a fógraíodh go mbeadh Saoirse Bhaile Átha Cliath á bronnadh ar an mbeirt acu i dteannta a chéile sa bhliain 1912. Lean Corcaigh sampla na hardchathrach agus ba léir gur ola ar a chroí é an t-onóir seo a fháil ina chontae féin ón gcaoi inar shocraigh an tAthair Peadar clabhsúr a chur lena dhírbheatháisnéis le cur síos beoga ar an lá sin:
Ní raibh aon choinne agam go bhfeicfinn an radharc a bhí os mo chomhair an lá sin. Nuair a tháinig mé féin agus Kuno Meyer amach as an dtraein i gCorcaigh bhí mórshlua leanaí ann ag cur fáilte romhainn … bhí Méara na cathrach ann agus carráiste aige chun sinn a bhreith go dtí Halla na Cathrach. Bhí garda lucht airm ár dtionlacan, romhainn amach agus inár ndiaidh agus ar gach taobh den charráiste agus iad gléasta in arm agus in éide de réir mar a bhíodh a leithéidí in aimsir Chúchulainn … Chuamar tríd an gCathair … go dtí Halla na Cathrach. I gcaitheamh na slí sin go léir bhí na daoine, óg agus aosta, brúite ar a chéile ar gach taobh dínn, agus iad ag liúireach agus ag greadadh na mbos ag cur fáilte romhainn. Nuair a chuamar isteach sa Halla Mór, bhí na daoine bailithe istigh ann. Bhí sé lán, chomh lán agus nárbh fhéidir dá thuilleadh dul isteach ann. Dheineamar caint ansin agus deineadh caint linn agus bhí ionadh ár gcroí orainn araon a fheabhas a labhair na buachaillí óga an Ghaeilge linn.
Measaim nach miste dom stad anseo, agus a rá, mar a deireadh lucht scéalaíochta in Éirinn fadó: Gonadh é sin mo scéalsa go nuige seo.
“Honouring Distinguished Irish Scholars” a d’fhógair ceannlíne don saol mór in eagrán an lae dar gcionn den Cork Examiner os cionn grianghraif den bheirt acu i gcóiste ag dul síos Sráid an Chapaill Bhuí go maorga.
Agus a lámha trasna ar a chéile ar a mhaide siúil le linn dó cúlú siar faoi dhuilleog a háta mar a bheadh turtar ann, níl cuma ró-ghnaíúil ar Kuno Meyer. Tá cuma óigeanta ar an Athair Peadar lena hais, áfach, beag beann ar é a bheith trí bliana agus seachtó bliain d’aois an uair sin. Agus é ag suí suas d’fhonn féachaint amach ar an slua nuair a tógadh an grianghraf, tá meangadh gáire ar a aghaidh. A luaithe agus a fheiceann tú é sa chruth seo—á iompar i gcóiste agus buíon de ghaiscígh armtha le sleánna agus sciatha mórthimpeall air—tá sé éasca é a shamhlú mar Nestor eile ((sé sin, mar sheanghinearál ag filleadh go caithréimeach ó Chogadh na Traí). Ach ar fheiscint a ghuaillí cromtha agus a leicne seargtha duit (gan trácht ar an gcuma ghiobalach ar an bhfear uasal ina shuí in aice leis, an té a chuir i gcomparáid é le Nestor an chéad lá riamh), ba leor sin mar chomhartha go raibh an bheirt sheanfhondúirí seo ag éirí róshean chuige seo.
Bhí sé thar am acu an lóchrann a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile agus paidir a rá go mbeadh misneach agus diongbháilteacht a dhóthain ag na daoine a tháinig ina ndiaidh chun leanúint ar aghaidh leis an bhfeachtas chun an Ghaeilge a thabhairt slán ón mbás. Súil le Dia ag an mbeirt acu gur comhartha iad na péacáin ghlasa a chonacthas i Halla na Cathrach Chorcaí i bhfoirm na mbuachaillí a chuir iontas ar chách le feabhas a gcuid Gaeilge, go raibh borradh ag teacht faoi Athbheochan na Gaeilge. Ag Dia amháin a bhí a fhios arbh fhéidir an cath seo a bhuachaint san fhadtéarma ach ar a laghad d’fhéadfadh Gaeilgeoirí a bheith buíoch go raibh beirt chainteoirí bhéalbhinne ann chun labhairt suas ar son na teanga ag am gur baol di titim ina tost go brách.
CUID II: AN LÁ AR THÁINIG ANTRAIPEOLAÍ ÓN OSTAIR CHUIG CAISLEÁN UÍ LIATHÁIN
Níorbh é Kuno Meyer an t-aon chainteoir Gearmáinise a tháinig ar cuairt chuig an Athair Peadar i gCaisleán Uí Liatháin: tháinig an t-antraipeolaí Rudolf Trebitsch freisin agus aistear de 1000 míle le cur de chun teacht ón Vín. D’oibrigh an Dr Trebitsch sa Phonogrammarchiv in Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire sa Vín, an chéad chartlann fuaime dá leithéid aon áit ar domhan. Go deimhin, agus é mar aidhm ag an Phonogrammarchiv cainteoirí de theangacha i mbaol a thaifeadadh, bhíodar chomh mór chun tosaigh ar lucht a linne sa mhéid sin go raibh orthu dul thar acmhainn na teicneolaíochta mar a bhí sé an tráth sin chun an sprioc sin a bhaint amach.
Chiallaigh sé seo go raibh gá le dearadh Edison a athrú ar mhaithe le cur ar chumas an fhónagraif fuaim a thaifeadadh go plátaí céaracha agus ní go sorcóirí céaracha mar a bhíodh an nós go dtí sin (ós rud é go dtagann meath ar chaighdeán fuaime an tsorcóra chéaraigh gach uair a sheinntear é). Ba é toradh na bhfeabhsuithe seo go léir ná an Wiener Archivphonograph nó “The Viennese Archival Phonograph”, gléas a raibh uasghrádú déanta air chomh minic sin faoin am ar tháinig Trebitsch go hÉirinn sa bhliain 1907 nach bhfuiltear go hiomlán cinnte cé acu Cineál III nó Cineál IV a thóg sé leis go Caisleán Uí Liatháin. Pé scéal é, ba cheart do Trebitsch a bheith buíoch d’innealltóirí an Archiv as an meáchan de 35kg a bhí sa Chineál I a éadromú síos go dtí an 15kg a bhí mar mheáchan ag na cineálacha níos deireanaí.
Ó thaobh taighde de, ba é austerbenden Völkern Europas, sé sin, “ciníocha Eorpacha ar tí bás a fháil” an t-ábhar ba mhó a tharraing spéis Trebitsch. Séard a bhí i gceist aige le sin ná cainteoirí de theangacha i mbaol. Agus é i mbun taifeadta i measc Ionúiteach na Graonlainne in 1906, thug sé aghaidh ar Éirinn an bhliain dár gcionn, áit a raibh an teanga dúchais go mór i mbaol, mar is léir óna chuid nótaí ina ndearna sé cur síos ar an nGaeilge mar theanga “a bhí ag dul i léig go mór, agus b’fhéidir ar an dé deiridh ar fad.”
Agus saibhreas ón gcliabhán aige, bhí sé de ghustal aige a bheith in ann a thurais thaighde féin a mhaoiniú. Spéis aige freisin in earnáil na scannánaíochta agus scripteanna á scríobh aige faoin ainm cleite Hans Dietrolf le teidil mar Gefangen – im eigenen Netz! (“Gafa! – i d’Eangach Fhéin!”) agus Donaurauschen (“An Danóib ag Réabadh Roimpi”). Séard a shamhlófá leis na caithimh aimsire seo go léir ná meon ilchultúrtha agus go deimhin, le féachaint air sa ghrianghraf thíos (agus é cíortha cóirithe ina chulaith samhraidh níos oiriúnaí d’aimsir shéimh na Mór-Roinne ná d’Éirinn na báistí) tá sé le léamh air go bhfuil an domhan siúlta aige.
N’fheadar cad a cheap muintir na háite an lá a thuirling sé ag tigh an tsagairt ina mhótar. Agus cad é mar ghléas aisteach a thóg sé ón mbúit! Bí ag caint ar aisteach ag am a raibh sé chomh neamhghnách sin guth duine a thaifeadadh gur geall le ficsean eolaíochta é do mhórán daoine. Ionadh an domhain ar Maturin Buléon, mar shampla, nuair a thaifead Trebitsch sa Bhriotáin é sa bhliain 1908. Agus é 40 bliain d’aois, bhain sé stangadh as an bhfear ón mBriotáin seo go raibh an “saghas simléir aisteach seo”, in ann “caint agus guth ó gach duine ar domhan a chur síos ag an am céanna beagnach. ‘Labhair,’ arsa an fear uasal eachtrannach liom, agus tógfaidh mé do ghuth liom.”
Blas an bhíobla ar an abairtín “caint agus guth ó gach duine ar domhan” agus go deimhin, má smaoiníonn tú ar Trebitsch ag tabhairt aghaidh ar chúinní iargúlta na hEorpa, b’éasca é a shamhlú mar Noah eile. Agus an fónagraf mar áirc aige, áit ina gcuirfeadh sé samplaí de theangacha i mbaol i dtaisce sular cailleadh go deo iad faoi thaoide na dteangacha domhanda leithéid an Bhéarla nach raibh aon teora leo.
Tar éis dó Baile Átha Cliath a bhaint amach an 22 Iúil 1907, chuaigh sé caol díreach go dtí Acadamh Ríoga na hÉireann, áit ar bhuail sé lena chéad fhadhb nuair a theip air Osborn Bergin (an fear a rinne olagón faoi na seacht mbotún gramadaí ar chónra an Athar Peadar) a thaifeadadh. Nó mar a dúirt Trebitsch é féin faoin eachtra: “cé go ndeachaigh mé go bog agus go crua air, ní labhródh sé isteach i mo ghléas ar ór ná ar airgead”.
Mo léan, ní hé seo an t-aon rud a tháinig salach ar Trebitsch agus é ag dul timpeall na hÉireann mar, de réir a thuairisce don Acadamh sa Vín, cé gur moladh dó gan ach “daoine a rugadh roimh 1845” a thaifeadadh, “sé sin, iadsan a raibh os cionn 62 bliain d’aois,” (ós rud é go raibh líofacht mhuintir na hÉireann sa Ghaeilge dulta go mór i léig ó aimsir an Ghórta Mhóir i leith), bhí sé seo geall le dodhéanta mar: “Cé gur éirigh liom anois agus arís teacht ar chainteoirí a rugadh in Éirinn roimh 1845 – tír, dála an scéil, ina n-éiríonn daoine an-sean – an chuid is mó den am níorbh fhéidir liom iad a roghnú don fhónagraf toisc iad a bheith ciotach, mantach nó comharthaí eile na seanaoise a bheith orthu.”
Ach ní raibh an cath caillte fós mar bhí nod faighte aige faoi shagart le Gaeilge den scoth agus d’fhág sé Baile Átha Cliath an 26 Iúil chun cuairt a thabhairt air. Más aon chomhartha a chuid nótaí, bhain sé taitneamh as an ngeábh a thug sé ar thigh an tsagairt, é suite i sráidbhaile beag in oirthear Chorcaí:
Ansin ar aghaidh liom go Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí, agus tiomáint 1 ½ uair an chloig ón áit sin go Castle Lyons, sráidbhaile ina ndearna mé taifead an 26 Iúil 1907 ar Peter O’Leary, sagart agus scríbhneoir Éireannach a bhfuil clú agus cáil air. Toisc go raibh sé dodhéanta lóistín a fháil sa sráidbhaile i gcomhair na hoíche, b’éigean dom an obair ar fad a chríochnú laistigh de chúpla uair an chloig sular fhill mé ar Mhainistir Fhear Maí i mo ghluaisteán. Ba é an tOllamh Henrich Zimmer a mhol Peter O’Leary dom agus é ar aon intinn leis na saineolaithe ar fad in Éirinn a mheasann go bhfuil sé ar dhuine de na cainteoirí Gaeilge is fearr sa tír. Tá Peter O’Leary 67 bliana d’aois agus ní raibh sé riamh lasmuigh d’Éirinn; is í an Ghaeilge a theanga dhúchais.
B’éasca scáth a theacht ar dhuine agus é/í á t(h)aifeadadh siar sa ré sin. Mar, ar an gcéad dul síos, caithfear a bheith gonta i do chuid cainte agus gan ach dhá nóiméad d’am taifeadta ag gach pláta céarach. Lena chois sin tá an brú a thagann le fios a bheith agat go mb’fhearrde duit do phíosa cainte a chur díot go cruinn ceart ar an gcéad iarracht mar ní dócha go bhfáilteodh an “fear uasal eachtrannach” roimh ataifeadadtaí nuair a bhí na plátaí céaracha costasach go leor.
Gan trácht ar conas mar a chrapann do scornach nuair a deirtear leat go ndéanfar do ghuth a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Agus é seo i gcúl do chinn agat, conas is féidir leat labhairt isteach i simléar an fhónagraif agus gan bhraistint go raibh tú ag stánadh isteach sa tsíoraíocht? Is iomaí duine eile a chuirfeadh sé seo dá mbuille iad ach níorbh amhlaidh a bhí leis an Athair Peadar, ambaiste! Ní raibh scáth ná eagla air, más fíor do nótaí de chuid Trebitsch:
Ní raibh aon cheann de na comharthaí seanaoise a chuirfeadh isteach nó a dhéanfadh taifeadadh dodhéanta fiú le sonrú air – a mhalairt ghlan agus an chuma air gur fhear caoga bliain d’aois a bhí ann ar a mhéad. Cuireadh dioscaí 690 agus 691 i gcrích ar bhealach nár ghá leis an gcainteoir ach sracfhéachaint a thabhairt ar a leabhar anois is arís agus a théacs á aithris go saoráideach aige os comhair an fhónagraif.
Ar aon nós, thaifead Trebitsch faoi dhó é: sliocht as An Craos Deamhan (a athinsint ar an scéal meánaoiseach Aislinge Meic Conglinne) á aithris aige an chéad bhabhta agus sliocht as Aesop a Tháinig go hÉirinn (a athinsint ar Fhabhalscéalta Aesóip) á aithris aige an dara babhta.
Ag éisteacht leis ag labhairt ó 1907, an rud is suntasaí faoina ghuth ná cé chomh cosúil is atá a chuid Gaeilge leis an sórt Gaeilge a chloisfeá ó aon léitheoir nuachta ar TG4 sa lá atá inniu ann. Ach ní bheadh tuin chultúrtha ar stíl Ghaeilge na láithreoirí nuachta sin murach gur chabhraigh an tAthair Peadar chun gradam a thabhairt di.
Cuir san áireamh an méid a dúirt Pádraig Mac Piarais faoi chéad úrscéal an Athar Peadar: sé sin, is trí Shéadna a léamh a d’fhoghlaim móran de chéad scríbhneoirí na Nua-Gaeilge conas Gaeilge a scríobh. Ní dócha gur áibhéil rómhór é a rá mar sin go bhfuil rian de ghuth an Athar Peadar ina mhacalla fós sa Ghaeilge a labhraímid sa lá atá inniu ann. Nach deas an rud é mar sin gur féidir le cuairteoirí chuig a uaigh i gCaisleán Uí Liatháin an chuma a chur air go bhfuil sé beo fós. Níl le déanamh acu ach scanáil a dhéanamh ar an gcód QR ar an gclár eolais in aice láimhe agus seinnfear blúire dá ghutha ar a bhfón póca.
Sources
Breatnach, Diarmaid, and Máire Ní Mhúrchú. “MEYER, Kuno (1858–1919). 15 April 2022. “Ainm.ie. <https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=164>.
Breen, Aidan. “Kuno, Meyer.” Dictionary of Irish Biography. <https://www.dib.ie/biography/meyer-kuno-a5810>.
“Dr. Rudolf Trebitsch.” Hohenems Genealogie Jüdische Familiengeschichte in Vorarlberg und Tirol. 27 March 2022
https://www.hohenemsgenealogie.at/gen/getperson.php?personID=I13040&tree=Hohenem.
Greene, David. “Robert Atkinson and Irish Studies.” Hermathena, no. 102 (1966): 6-15. Accessed August 23, 2021. http://www.jstor.org/stable/23039787. https://www.oeaw.ac.at/fileadmin/Institute/PHA/IMG/Forschung/Forschung_Phonogramm_2.jpg
Hyde, Douglas, (An Craoibin). “Canon Peter O’Leary and Dr. Kuno Meyer.” Studies: An Irish Quarterly Review 9, no. 34 (1920): 297-301.
Lechleitner, Gerda and Christian Liebl. “Researching the Historical Holdings – the Phonogram and Gramophone recordings from the years 1899–1950.” Österreichische Akademie der Wissenschaften. 15 April 2022 <https://www.oeaw.ac.at/phonogrammarchiv/forschung/wissenschaftshistorische-forschung/forschen-mit-den-historischen-bestaenden-die-phonogramm-und-grammophonaufnahmen-aus-den-jahren-1899-1950>.
Ní Mhaonaigh, Tracey, Ed. Tháinig do Litir: Litreacha ó Pheann an Athar Peadar Ó Laoghaire chuig Séamus Ó Dubhghaill. An Daingean: Sagart, 2017.
Murphy, John A. “Ó Laoghaire, Peadar (An tAthair Peadar; O’Leary, Peter)”. Dictionary of Irish Biography 07 May 2022 https://www.dib.ie/biography/o-laoghaire-peadar-tathair-peadar-oleary-peter-a6390>
O’Brien, Eilish and Pat. Mise an Mac San: Remembering an tAthair Peadar Ó Laoghaire. Cork: Sciob Sceab, 2018.
Ó hAnnracháin, Peadar. Fé Bhrat an Chonnartha. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1944.
Ó Laoghaire, an tAthair Peadar. Mo Scéal Féin. Dublin: Brún agus Ó Nualláin, 1915.
The Collections of Rudolf Trebitsch: Celtic Recordings – Ireland, Wales, Brittany, Isle of Man, and Scotland (1907–09): Series 5/2. Gerda Lechleitner & Ulla Remmer, eds. Vienna: Austrian Academy of Sciences P, 2003.