Castlelyons Catholic Parish

Diocese of Cloyne, County Cork, Ireland.

Castlelyons Catholic Parish
  • Home
  • Our Parish
  • Schools
  • Sacraments
  • Events
  • Safeguarding
  • Gallery
  • Links
  • Maps
  • Contact
  • History
    • 1907 Recording
    • An tAthair Peadar Ó Laoghaire
    • Fr Thomas Ferris
    • Thomas Kent
  • Stair Áitiúil
    • An tAthair Peadar Ó Laoghaire
    • Taifead 1907
    • An tAthair Thomas Ferris
    • Tomás Ceannt
    • Nochtadh Na Deilbhe

Stair Áitiúil

Fáilte chuig na leathanaigh ghréasáin bainteach leis an gclár eolais i gclós an tséipéil i gCáisléan Uí Liatháin.

  • Cliceáil ANSEO chun guth an Athar Peadar a chlos chomh maith le cuntas a fháil ar conas mar a taifeadadh é sa bhliain 1907
  • Cliceáil ANSEO le haghaidh “An Nestor Éireannach” (cuntas ar an údar ceannródaíoch, an tAthair Peadar Ó Laoghaire)
  • Cliceáil ANSEO le haghaidh “An Sagart Díshealbhaithe” (cuntas ar an bhfeachtasóir ar son Chumann na Talún, an tAthair Thomas Ferris)
  • Cliceáil ANSEO le haghaidh “An tÓglach Dearmadta” (cuntas ar an reibiliúnach fileata Tómás Ceannt)

Cé gur iomaí duine a chabhraigh chun an tionscadal seo a thabhairt le chéile, tá buíochas faoi leith ag dul do na daoine seo:

Christian Liebl, Mag.phil., MSc, ón Phonogrammarchiv sa Vín as cead a fháil ó Chló Acadámh Eolaíochtaí na hOstaire chun na taifeadtaí a rinne Trebitsch den Athair Peadar a chur ar fáil ar na leathanaigh ghréasáin seo. Más maith leat tuilleadh taifeadtaí Ceilteacha de chuid Trebitsch a chlos, is féidir dlúthdhiosca díobh a cheannach anseo: https://verlag.oeaw.ac.at/produkt/celtic-recordings-ireland-wales-brittany-isle-of-man-and-scotland-1907-09/600310?product_form=2034

Conor Nelligan, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Chorcaí, as sinn a spreagadh an chéad lá riamh chun cur isteach ar mhaoiniú ón scéim Éire Ildánach. Míle buíochas freisin do Choiste Cuimhneacháin Chomhairle Contae Chorcaí as ucht an maoiniú breise a bhronnadh a chuir ar ár gcumas dealbh chré-umha a choimisiúnú (féach thíos).

Mile buíochas do Virginia Cantillon ní hamháin as ucht slacht a chur ar an iarratas maoinithe ach as sinn a spreagadh freisin chun dealbh cré-umha a choimisiúnú den fhear a ndúradh faoi tráth go raibh sé gach pioc chomh maith le Charles Dickens. Agus tá an-áthas orainn go ndearna sí amhlaidh mar rinne an dealbhóir Seamus Connolly ó Ghailearaí Chill Bheathach éacht ó thaobh an tAthair Peadar a léiriú ina steillbheatha. Go deo arís ní féidir le daoine teacht agus imeacht ó chlós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin gan cliú a bheith acu go bhfuil triúr chomh lárnach sin i stair na háite curtha ann. I gcás an Athar Peadar, ní gá ach féachaint ar an ndealbh chré-umha cois a uaighe chun íomhá bheoga a fháil de ina steillbheatha.

Dealbh Chré-Umha teilgthe ag an ndealbhóir Seamus Connolly ó Ghailearaí Chill Bheathach

James Ronayne, Seamus Geary agus Comhairle Pobail Chaisleán Uí Liatháin as maoinú breise a thabhairt chun íoc as as ndealbh chré-umha. Léiríonn a gcuid tacaíochta cé chomh díograiseach is atá Caisleán Uí Liatháin ó thaobh chaomhnú na hoidhreachta de.

Marie Murphy as ucht na leathanach seo a léamh le súil ghrinn an eagarthóra. Ba ise a ghlac cuid mhaith de na grianghraif atá le feiceáil ar na leathnaigh seo freisin.

Austin Bovenizer ó Bovenizer Design as an gclár eolais a dhearadh agus a dhéanamh go snasta.

Clár eolais le féiceáil anois i gClós an tSéipéil i gCaisleán Uí Liatháin

An tAthair Gerard Colmán as cead a thabhairt na leathanaigh ghréasáin seo a óstáil ar castlelyonscatholicparish.ie, áit a mbeidh siad ina bhfoinse eolais do chuairteoirí chuig clós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin as seo amach. Sheas sé sa bhearna bhaoil ar an 21 Márta 2020 freisin nuair a chuir an dianghlasáil deireadh leis an gcomóradh a bhí beartaithe chun céad bliain ó bhás an Athar Peadar a cheiliúradh. Ach rinne an tAthair Colmán a chion an lá sin (nár laga Dia é!) mar, féach thíos é, i mbun cúpla paidir a rá cois uaighe le nach n-imeodh lá an chomórtha thart gan suntas éigin a thabhairt dó.

An tAthair Gerard Colmán i mbun cúpla paidir a rá ar lá comórtha an Athar Peadar Uí Laoghaire an 21ú Márta 2020

Agus, an meall mór ar deireadh, cá mbeimís gan mo chomhúdar (agus mo mháthair!) Eilís Uí Bhriain. Murach an spéis a chuir sí sna scéilíní faoin “sagart ina chóta fada dubh agus a hata” a d’fheictí go minic i mbun siúlóide suas ár mbóthar féin, ní dócha go dtabharfainn mórán suntais don fhear a scríobh a chuid leabhar go léir i bhfoisceacht míle de mo theach féin agus é ar dhuine de mhórscríbhneoirí Athbheochan na Gaeilge é. Ó thaobh é a choimeád i gcuimhne na ndaoine, tá lorg Éilíse go láidir ar an dtionscadal seo.

Cárta Aifrinn don Athair Peadar Ó Laoghaire, le caoinchead ón tSiúr Elizabeth Sheehan

Agus ós ag caint air sin atáimid, más maith leat cóip dár leabhar Mise an Mac San: Ag Cuimhneamh ar an Athair Peadar Ó Laoghaire a cheannach, tá fáilte romhat ríomhphost a chur chugam ag obrienpat312@gmail.com. Seachas sin, tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as na leathanaigh ghréasáin seo as an mblaiseadh a thugann siad d’am fíorspéisiúil i stair na hÉireann. Seans go bhfuil cuma pharóisteach ar dhíriú isteach ar thriúr a mhair i sráidbhaile beag tuaithe ach, dar liomsa, tugann cíoradh scéal a mbeathaí léargas an-phearsanta ar conas mar a bhraith sé a bheith beo le linn tréimhse fíorchorraitheach. 

Mar an gcéanna, cé go gceapfadh duine gur áit í Cáisleán Uí Liatháin atá beagánín ar an gcúlráid sa lá atá inniu ann, ní hamhlaidh a bhí ag tús an fichiú haois. Am a raibh cúrsaí a chuirfeadh cor i gcinniúnt na tíre ag titim amach ar stáitse áitiúil. Agus cén fáth nach dtitfeadh nuair a bhí dlúthbhaint idir an chosmhuintir agus ceisteanna móra na linne: an feachtas ar son chearta na bhfeirmeoirí tionóntacha; an streachailt chun an Ghaeilge a thabhairt slán; an troid chun neamhspleáchas polaitiúil a fháil ó Shasana. Tabhair cuairt ar chlós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin mar sin agus gheobhaidh tú áit ina bhfuil scéalta suimiúla le hinsint ag na clocha féin. Is é sin, má thógaimid an t-am chun na hinscríbhinní atá scaipthe timpeall na háite a léamh. Mar is iomaí scéal suimiúil atá faoi cheilt taobh thiar de na litreacha seanchaite greanta orthu.

Beir bua,

—An Dr. Pádraig Ó Briain, Caisleán Uí Liatháin, Mí Mean Fómhair 2022.

Mise an Mac San: Ag Cuimhneamh ar an Athair Peadar Ó Laoghaire, scríofa ag Éilís agus Pádraig Ó Briain.

Mass Times

St. Nicholas’ Church, Castlelyons
Saturday and Eve of Holy Day: 7.30 pm
Sunday and Holy Day: 11.30 am
Weekdays Monday - Friday: 9.30 am

Church of the Blessed Virgin Mary, Coolagown
Sunday and Holy Day 10.00 am

Eucharistic Adoration - in the Prayer Room Castlelyons on Tuesday: 7.00 – 9.00pm.

Confessions
St Nicholas’ Castlelyons
Saturdays: after the 7.30 p.m. Mass.
Reconciliation Services are arranged
in St. Nicholas’ Castlelyons each Advent & Lent

Parish Priest

V. Rev Gerard Coleman, P.P.

Parochial House, Castlelyons, Co Cork.
Tel: 025-36372
086-8500266

News & Events

  • Live Streaming of Mass

Readings

Today's Readings
Sunday's Readings
Thought for the Day
Saint of the Day

Parish Maps

Castlelyons Catholic Parish

Links

Cloyne Diocese
Safeguarding Children
Catholic Ireland

More Links

Search

Copyright © 2023 Castlelyons Catholic Parish
Log in · developed by IW

This website uses cookies to improve your experience. We'll assume you're ok with this, but you can opt-out if you wish.Accept Read More
Privacy & Cookies Policy

Privacy Overview

This website uses cookies to improve your experience while you navigate through the website. Out of these, the cookies that are categorized as necessary are stored on your browser as they are essential for the working of basic functionalities of the website. We also use third-party cookies that help us analyze and understand how you use this website. These cookies will be stored in your browser only with your consent. You also have the option to opt-out of these cookies. But opting out of some of these cookies may affect your browsing experience.
Necessary
Always Enabled
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Non-necessary
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.
SAVE & ACCEPT