Dealbh den Athair Peadar agus Clár Eolais Faoi le Nochtadh i gCaisleán Uí Liatháin
“Bhí fear ann fadó is é an ainm a bhí air ná Séadna …” B’in an chéad líne d’úrscéal leis an Athair Peadar Ó Laoghaire agus bhí tráth ann nuair a bhí sé de ghlanmheabhair ag beagnach gach dalta scoile in Éirinn. Go deimhin, bhí aithne chomh maith sin ar an Athair Peadar tráth dá raibh go ndúirt Seán T. O’Ceallaigh faoi: “go bhfuil a ainm ar eolas agus gean acu air ag beagnach gach fear, bean, agus páiste in Éirinn a raibh leabhar Gaeilge riamh ina nglac acu.” Cinnte, faoin am ar bhásaigh an tAthair Peadar ar an 21 Márta, 1920, ní thógfá air é má cheap sé nach ndéanfadh daoine dearmad go luath ar an bhfear a scríobh an chéad dráma, úrscéal, agus dhírbheathaisnéis riamh sa Nua-Ghaeilge.
Ach, mó léan, is mor idir inné agus inniu mar, bog ar aghaidh céad bliain go 2022, agus ba dheacair duit teacht ar dhuine faoi bhun seasca bliain d’aois a chuala trácht riamh ar an Athair Peadar Ó Laoghaire. (Cé is moite dá áit dhúchais, Gaeltacht Mhúscraí, áit ar rugadh an tAthair Peadar sa bhliain 1839 agus a bhfuil gean air fós i measc na ndaoine). Cinnte, má thugann tú cuairt ar Chaisleán Uí Liatháin sa lá atá inniu ann—an sráidbhaile in oirthear Chorcaí inar scríobh sé a chuid leabhar go léir agus é mar shagart paróiste ann ó 1891 go 1920— is ar éigean a bheadh a fhios agat gurb é anseo a bhfuil ceannródaí ó aimsir Athbheochan na Gaeilge curtha.
Ach ní hamhlaidh a bheidh feasta le cúnamh Dé agus dealbh chré-umha den Athair Peadar á nochtadh i gclós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin Dé Domhnaigh, an 23 Deireadh Fómhair ag 2 i.n. Is dealbhóir ó Co. an Chláir, Seamus Connolly, a rinne an dealbh agus macasamhlacha de go leor daoine cáiliúla déanta aige go dtí seo: leithéidí John F. Kennedy, Páidí Ó Sé, agus John B. Keane ina measc.
Chomh maith leis an ndealbh chré-umha, beidh clár eolais á nochtadh ar an lá céanna, gar d’uaigh an Athar Peadar. Clár eolais a fuair inspiorád ó nóta a rinne cur síos ar an Athair Peadar mar “Nestor de chuid litríocht na hÉireann” agus údar an chláir eolais den tuairim gurbh é Nestor ina riocht mar “óráidí an ghutha ghlinn” ónar tháinig “caint ní ba bhinne ná an mhil féin” a chuir an tAthair Peadar i gcuimhne don té a scríobh an nóta. Agus Gaeilge ón gcliabhán aige, thuig an Laoghaireach go raibh ceol ag baint leis an nGaeilge i mbéal cainteora dhúchais.
Mholadh sé d’fhoghlaimeoirí fiú a gcluasa a úsáid mar a bheadh gabhlóg thiúnála ann agus iad ag éisteacht le cainteoirí dúchasacha chun iad féin a chur i dtiúin le rithimí na Gaeilge. Ag am a raibh ábhar léitheoireachta sa Ghaeilge fíor-ghann, bhí an an tAthair Peadar dochreidte bisiúil ó thaobh leabhar i ndiaidh leabhair a scríobh i nGaeilge shaibhir na Gaeltachta mar áis d’fhoghlaimeoirí chun iad féin a thumadh sa teanga.
Tugann an clár eolais cuntas ar bheirt eile curtha i gclós an tséipéil a d’fhág a rian ar an stair. Is é “An tÓglach Dearmadta” Tomás Ceannt duine amháin acu, fear a bhí go mór sa nuacht in 2015 nuair, tar éis naoi mbliana is nócha a chaitheamh go dubhach i gclós príosúin, tugadh ar ais chuig Caisleán Uí Liatháin é le haghaidh Sochraid Stáit.
Níl an oiread sin aithne ar an dtriú duine a luaitear ar an gclár eolais ach bhí saol an-spéisiúil aige mar sin féin: Is é sin, an feachtasóir ar son Chumann na Talún, an tAthair Thomas Ferris. Agus é ina shagart paróiste ar Chaisleán Uí Liatháin ó 1880 go 1891, chaith sé na hocht mbliana dheireanacha dá shaoil ag cur faoi i mbothán i gclós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin mar agóid i gcoinne na gcíosanna arda a bhí ag luí go trom ar fheirmeoirí tionóntacha ag an am. Is rímhaith a thuigfeadh an tAthair Ferris staid na tíre sa lá atá inniu mar sin agus sinn ag streachailt le géarchéim tithíochta.
D’éinne gur spéis leo tuilleadh a léamh faoin dtriúr stairiúil seo, treoraíonn an clár eolais chuig suíomh gréasáin iad, áit a bhfuil cuntais níos faide le fáil.
Ós iadsan a d’íoc an chuid is mó de chostais an chlár eolais agus den dealbh, is cuí an rud é mar sin gur bhaist Comhairle Contae Chorcaí “Ár nGuth Dúchasach” ar an gcuid den chiste atá dírithe ar thionscadail Ghaeilge. Ós rud é gurb é mar “an Guth” is mó gur cheart an tAthair Peadar a chomóradh b’fhéidir agus é go mór chun tosaigh ar lucht a linne ó thaobh Gaeilge na Gaeltachta a chur chun cinn mar bhonn don Nua-Ghaeilge ag am ar theastaigh ó dhaoine eile filleadh ar Ghaeilge Sheathrún Chéitinn ón seachtú haois déag.
Dá mbeadh an tAthair Peadar fós beo is dócha gur ola ar a chroí é a chlos go mbeidh cóip den dealbh i gCaisleán Uí Liatháin ag dul go hOllscoil Mhá Nuad, áit a gcuirtear suas é ar an gcampas inar bhain an sagart Múscraíoch a chéim ollscoile féin amach sa bhliain 1867 agus a bhfuil Cartlann an Athar Peadar Ó Laoghaire lonnaithe anois. Pé rud faoin Athair Peadar, tá an Coiste Cuimhneacháin i gCaisleán Uí Liatháin an-sásta go bhfuil baint ag Ollscoil Mhá Nuad leis an dtionscadal oidhreachta seo agus is mór an chabhair atá faighte acu ó lucht na hOllscoile go dtí seo.
Maidir leis an Athair Peadar féin, níl aon dabht ach gur fhág sé a lorg ar Nua-Litríocht na Gaeilge. Mar a d’admhaigh Pádraig Mac Piarais nuair a dúirt sé faoina chéad úrscéal: “Tá go leor dár mórscríbhneoirí na Gaeilge tar éis a dhearbhú gurbh iad na caibidlí tosaigh de ‘Shéadna’ a mhúin dóibh conas Gaeilge a scríobh.”
Má tá fiosracht ort faoi cén saghas duine a bhí i Nestor Éireannach a raibh “guth ní ba bhinne ná an mhil féin” aige, cén fáth nach dtabharfá cuairt ar Chaisleán Uí Liatháin ar an 23 Deireadh Fómhair ag 2 a chlog mar sin? Áit a bhfaighfeá cód QR ar an gclár eolais agus níl le déanamh agat ansin ach é a scanáil chun dhá ghearrthóg fuaime den Athair Peadar a chlos, gearrthóga a taifeadadh ar lá samhraidh in 1907 nuair a thaisteal Rudolf Trebitsch 1000 míle ón Phonogrammarchiv sa Vín chun an tAthair Peadar a thaifeadadh i gCaisleán Uí Liatháin. (Thug an t-antraipeolaí ón Ostair faoin turas seo nuair a dúradh leis go raibh “na saineolaithe ar fad in Éirinn ar aon intinn go bhfuil sé [an tAthair Peadar] ar dhuine de na cainteoirí Gaeilge is fearr dá bhfuil ann.”)
Tar éis duit éisteacht leis an nguth a bhfuil macalla de fós sa Ghaeilge a labhraímid sa lá atá inniu ann, tuige nach mbuailfeá sall chuig an ndealbh chré-umha chun súil a chaitheamh ar an bhfear a cheap daoine faoi tráth go raibh sé gach pioc chomh maith le Charles Dickens (bhuel, dar le Liam T. Mac Cosgair pé scéal é, a dúirt in 1911: “An gaisce a rinne Thackeray agus Dickens ar son litríocht an Bhéarla, tá sé déanta ag an Athair Peadar ar son litríocht na Gaeilge anois.”
Maidir le clár ama an lae i gCaisleán Uí Liatháin, nochtfar an dealbh i gclós an tséipéil ag a 2 a chlog. Bogfar ar aghaidh chuig Halla Pobail Chaisleán Uí Liatháin ansin, áit a mbeidh taispeántas, ceol, agus soláistí ó a 3 a chlog ar aghaidh.
Fáilte chuig Caisleán Uí Liatháin an 23 Deireadh Fómhair 2022 mar sin chun oidhreacht an Athar Peadar Uí Laoghaire a cheiliúradh!