CUID I: An Mairtíreach ar son Chumann na Talún
Más ar thóir “an triúir stairiúil” luaite ar an gclár eolais i gCaisleán Uí Liatháin atá tú, gheobhaidh tú beirt acu curtha i gclós an tséipéil ach beidh ort dul isteach sa séipéal faoi dhein an triú duine. Téigh suas i dtreo na haltóra agus thuas ar mballa ar thaobh na láimhe clé chífidh tú leac chuimhneacháin de mharmhar liath. Crap do shúile chun na litreacha scothdhubha uirthi a léamh agus cuirtear ar do shúile duit gur cuireadh suas é:
IN MEMORY OF
THE REVEREND THOMAS FERRIS
PARISH PRIEST OF CASTLELYONS AND COOLAGOWN
WHOSE MORTAL REMAINS REPOSE BENEATH.
Conas cur síos a dhéanamh ar shaol i mbeagán focal? Bhuel, de réir na feartlaoi a greannadh i marmar “HE WAS A HUMBLE AND DEVOTED PRIEST” (déan cur síos cuíosach coinbhinsiúnach d’fhear ón ré sin dar ndóigh) ach, fan go fóillín, éiríonn sí níos spéisiúla i dtreo a dheiridh, áit a ndéantar cur síos ar an Athair Ferris mar:
AN ARDENT LOVER OF HIS
COUNTRY, IN WHOSE CAUSE HE EVER LABOURED
ASSIDUOUSLY, AND SUFFERED NOT A LITTLE
DURING THE CLOSING YEARS OF HIS LIFE.
“Ní beag a d’fhulaing sé”? Chuirfeadh foclaíocht mar sin mairtíreach i gcuimhne duit ach, mo léan, fanann a fheartlaoi ina tost maidir le cad iad na cora crua an tsaoil a d’fhulaing sé sa thrian deireanach dá shaoil. Ar ámharaí an tsaoil, tá níos mó eolais le fáil i mbailéad a cumadh i gCaisleán Uí Liatháin sa bhliain 1889:
We have brave Father Ferris
Who is true to Ireland’s cause
Whose Celtic blood would not submit
to Balfour and his laws.
With bayonets fixed he was forced out
And mansion left in ruins
And now he dwells in a lonely hut
Surrounded by the tombs.
O Erin dear, keep bleeding
We’re not sure of better times
For those landlords and their agents
Have charged us with great crimes.
Is ródhócha gurbh ionann an “teach mór fágtha ina fhothrach” agus tigh an tsagairt i gCaisleán Uí Liatháin (“teach mór” sa mhéid is go bhfuil blas na huasaicme ar iar-ainm an tí sin, “Prospect Cottage”) agus ba thagairt shoiléir é “na tiarnaí talún sin agus a gcuid gníomhairí” do Chogadh na Talún, feachtas de chuid na cosmhuintire a fearadh ar son chearta feirmeoirí tionóntacha sna 1880idí.
D’fhonn tuiscint a fháil ar an gceist achrannach a chur isteach chomh mór sin ar shaol an Athar Ferris, chaithfeá tú féin a shamhlú siar go ré nuair nach raibh ach 3% d’fheirmeoirí na hÉireann ina n-úinéirí ar a gcuid feirmeacha féin. An chuid eile, 97% díobh, bhí a gcuid feirmeacha ar cíos acu agus, sa mhullach air sin, ba “thionóntaí ar toil” iad, rud a d’fhág go raibh cead ag a dtiarna talún iad a chaitheamh amach aon uair ba mhian leis, rud a deineadh go minic ar mhaithe le tionónta nua a chur isteach ina áit ar cíos níos airde. Agus an phingin dheireanach á bhfáisceadh astu ag ainchíos, d’éirigh feirmeoirí tionóntacha fud fad na tíre dubh dóite de seo faoi dheireadh agus tháinig siad le chéile chun na “trí F-anna” a éileamh: is é sin, fair rent, free sale, agus fixity of tenure.”
Maidir le cén sórt duine a bhí san Athair Ferris, bhuel, seans go dtabharfaidh an grianghraf thios nod duit, grianghraf a tháinig chun solais nuair a cuireadh aithne ar dhaoine muinteartha leis trí thimpiste (muintir Uí Lochlainn ó Bhaile na Martra) nuair a d’fhreastalaíodar ar cheolchoirm i gCaisleán Uí Liatháin. Ba dhuine séimh é, ba dhóigh leat, le féachaint air. É ábhairín mífhoighneach b’fhéidir agus an chuma air go raibh gnó níos tábhachtaí idir lámha aige ná seasamh le haghaidh grianghraif
Ach, mar is léir ar ball, bhí diongbháilteacht dhochloíte taobh thiar den chuma shéimh sin agus an fód á sheasamh aige do dhaoine bochta brúite faoi chois.
Maidir lena áit dhúchais, rugadh é i gCnoc Magnier in Eochaill sa bhliain 1832. Agus Cnoc Magnier mar chuid de bhaile Eochaille sa lá atá inniu ann, tá seans ann go raibh níos mó taithí ag an Athair Ferris ar shaol an bhaile mhóir ná saol na tuaithe agus é ag fás aníos. Fós féin, agus é ina fhear fásta, léirigh sé dlúthpháirtíocht láidir le muintir na tuaithe, go háirithe tar éis a cheapacháin mar shagart paróiste ar Chaisleán Uí Liatháin an 8 Meán Fómhair 1879. Cuma chinniúnach ar an dáta tosnaithe seo (ó thaobh an bhóthair a thógfadh sé ina dhiaidh sin) ó tharla gur bunaíodh Conradh na Talún beagnach ag an am céanna i mí Dheireadh Fómhair 1879.
Go deimhin, ní raibh sé i gCaisleán Uí Liatháin rófhada nuair a tionóladh an chéad chruinniú den bhrainse áitiúil de chuid Chonradh na Talún ar an 5ú Meitheamh 1880. Cruinniú inar cuireadh i mbéal an phobail é nuair, de réir ailt nuachtáin amháin, “the Rev. T. Ferris, P.P., was moved to the chair amidst great applause”. É ana-shásta a bheith tofa mar uachtarán an bhrainse is léir agus é á rá “gur éirigh thar cionn” leis an gcruinniú céanna. Lean cúrsaí amhlaidh go ceann tamaill mar is léir ó ráiteas mná a mhair sa cheantar sa ré seo, Bean Mary Smith, nuair a dúirt sí “nuair ba threise an chorraíl bhíodh cruinnithe gach Domhnach tar éis an Aifrinn faoi gan an cíos a íoc.”
Tháinig an chúis go cnámh na huillinne i samhradh na bliana 1883, áfach, nuair a dhiúltaigh an tAthair Ferris a chuid cíosa a íoc lena thiarna talún John Walter Perrot. Ina áit sin, thairg sé an méid cíosa a bhí le híoc nuair a tógadh Prospect Cottage amach ar cíos mar thigh an tsagairt tuairim is tríocha bliain roimhe sin. Níor glacadh leis an gcíos laghdaithe seo agus eisíodh eascaire díshealbhaithe tamall beag ina dhiaidh sin. Ba é an 23 Lúnasa 1883 an dáta a socraíodh chuige sin. Ar chúis éigin, cuireadh an díshealbhú ar athló ag an nóiméad deireanach. Is deacair a rá cén fáth gur tharla sé sin. B’fhéidir, san aighneas poiblí faoin gcíos, go raibh dóchas ag John Walter Perrot gurbh é an Rev. T. Ferris, P.P. an té a loicfeadh. Mar, tar éis an tsaoil, b’shin mar a bhíodh an nós i gcásanna mar seo de ghnáth: ba mhinic ba leor díshealbhú a bhagairt ar an dtionónta chun é a cheansú.
Ach amháin nach raibh aon fhonn ar an Athair Ferris géilleadh agus ní raibh an dara rogha mar sin ach an díshealbhú a chur i gcrích ocht lá ina dhiaidh sin ar an Déardaoin an 30 Lúnasa 1883. Arís, bheadh amhras ar dhuine faoin dáta a roghnaíodh: an raibh lucht an dhíshealbhaithe ag iarraidh gan aird a tharraingt orthu féin tríd an díshealbhú a dhéanamh i lár na seachtaine? Más é sin an plean bhí breall orthu mar bhí rún daingean ag an Athair Ferris agus a lucht tacaíochta raic a thógáil. Cuireadh tús leis an agóid a bhí beartaithe acu a luaithe agus a chonacthas lucht an dhíshealbhaithe sa cheantar: thosaigh clog an tséipéil ag bualadh gan stad gan staonadh mar chomhartha do mhuintir na háite go raibh an díshealbhú ar siúl. Tháinig lucht an dhíshealbhaithe faoi lán nirt: 50 póilín ina measc chomh maith le 40 saighdiúir, 4 bháille, 1 aturnae amháin agus 1 ghníomhaire thiarna talún amháin (a rinne an tAthair Ferris cur síos feanntach air mar an “an créatúr ainnis sin agus Perrot mar ainm aige”).
CUID II: An Díshealbhú
É beagánín iomarcach, déarfá, go mbeadh céad duine ag teastáil chun aon sagart meánaosta amháin a chaitheamh amach ar thaobh an bhóthair ach caithfear bualadh chlog an tséipéil a thabhairt san áireamh. Mar, meallta ag an dtorann gan stad, bhí an slua ag méadú de shíor go dtí go raibh cúpla míle duine brúite isteach i gclós thig an tsagairt is iad ag silleadh síos an cnoc chomh fada le Crosaire an Stábla. Go deimhin, cé gur áitigh an tAthair Ferris nár tharla sliúchas ar bith an lá sin, ní chuirfeadh sé iontas ort má bhraith lucht an díshealbhaithe go raibh círéib ar tí briseadh amach nóiméad ar bith agus íde na muc is na madraí á bhfáil acu le linn dóibh dul i mbun a gcuid oibre. Nó mar a chuir an tAthair Ferris é féin cur síos air bhí “faíreach, béicíl agus ráitis mhaslacha le clos a mhair tamall fada, é ag dul i ndéine de réir mar a leanadar ar aghaidh lena n-obair suarach”. Ar deireadh ní raibh ceannaire na bpoilíni in ann cur suas leis a thuilleadh agus bhagair sé cúigear póilíní a sheoladh chun an clogaire a ghabháil mura gcuirfí stop le bualadh an chloig ar an bpointe boise.
Go drogallach d’ordaigh an sagart cúnta an tAthair Hennessy go gcuirfear stop le bualadh an chloig ach ní dócha gur laghdaigh sé sin an gleo mórán agus dhá bhanna práis (ó Ráth Chormaic agus ó Chónaithe) ag seinm “poirt spreagúla de cheol Gaelach” an t-am ar fad a raibh an díshealbhú ar siúl. Go deimhin, agus an díshealbhú iompaithe ina seó bóthair, ní chuireadh sé iontas ort má bhí lucht an díshealbhaithe bailithe den obair sula raibh sé leathchríochnaithe acu. Ach lean siad ar aghaidh lena gcuid oibre mar sin féin: troscán an Athar Ferris á chartadh amach as an dtigh acu agus gach a raibh sa saol aige á fhágaint ina charn sa chlós. Ní foláir nó gur chuir drochíde den tsórt seo an ghéarleanúint a d’fhulaing sagairt in aimsir na bpéindlíthe i gcuimhne dosna daoine a bhí i láthair agus ní raibh aon leisce ar an Athair Ferris aird a tharraingt ar an gcomhchosúlacht sin. Go deimhin, agus aghaidh á tabhairt aige ar an “namhaid lasmuigh” d’fhonn “an diabhal a thabhairt le hithe” dóibh, chuir sé a dhíshealbhú in iúl don slua go díreach mar sin:
Ní i gcónaí a bheidh cead a gcinn ag tiarnaí talún bradacha sa tír seo agus nuair a bheidh a ré thart is ansin a bheidh eagla a n-anama ar ghadaithe talún. Maidir leis an bhfear atá i mbun gadaíocht dhleathach inniu, tá maoin ghoidte ina sheilbh aige cheana féin. Go deimhin, gach maoin atá ina sheilbh aige, goideadh é ónár n-aithreacha Caitliceacha romhainn. Tá an gníomhas teidil féin bunaithe ar ghadaíocht, gadaíocht mhínáireach den chuid is mó.
Gan amhras bá é a thiarna talún féin, John Walter Perrot, an té a raibh an tAthair Ferris á chur ina leith go raibh gadaíocht dhleathach ar bun aige agus maoin ghoidte ina sheilbh aige. Cé nach raibh sé ceart, ó thaobh an dlí de, a rá go raibh maoin ghoidte i seilbh a thiarna talún, ní fhéadfadh John Walter a shéanadh ach go raibh gabháltas mór fairsing aige. É ina úinéir ar eastát Bharrach Mór, cuir i gcás, eastát nach raibh an dara rogha ag an Iarla deireanach Bharrach Mór ach é a dhíol chun a chuid fiacha cearrbhachais a ghlanadh.
Maidir leis an dteach ina raibh cónaí ar an Athair Ferris, ní raibh ann ach píosa an-bheag in impireacht mhaoine John Walter. Agus seans gur baisteadh “Prospect Cottage” air mar gheall ar an radharc iontach atá aige síos ar an sráidbhaile. Ach tharraing an tAthair Ferris aird an tslua ar radharc de shaghas eile an lá úd nuair a dhírigh sé a mhéar ar fhothrach ag bun na spéire:
Féach ar thailte na mainistreach thall ansin. Cé leis iad tráth dá raibh? Ba leis an Eaglais Chaitliceach iad. Ba leis na sagairt is na manaigh bhochta a mhair fadó iad. Tháinig an gadaí Sasanach ansin, tháinig Cromail lena shaighdiúirí mallaithe, chun na manaigh a chaitheamh amach, chun iad a dhíshealbhú, díreach mar atá díshealbhú á dhéanamh ormsa inniu. Níor tugadh pingin rua mar chúiteamh dóibh as an éagóir sin. Deineadh fir dhéirce díobh, scriosadh a mainistir. Ach seasann na fothracha fós, mar mheabhrú beo ar ghadaíocht mhínáireach.
Agus bhí údar maith aige mainistir Chaisleán Uí Liatháin a agairt mar mheabhrú cumachtach ar dhíshealbhuithe éagóracha a rinneadh fadó sa mhéid is nach mbeadh sí i seilbh mhuintir Bharrach Mór in aon chur murach gur fhág an tIarla Chorcaí, Richard Boyle, an mhainistir le huacht dá iníon Lady Alice Barrymore “d’fhonn lámhainní agus bioráin a cheannach di”. Ba shuarach an leas é sin le baint as réadmhaoin ónar díshealbhaíodh manaigh, ba dhóigh leat.
Ar aon nós, cé go raibh sé de chiall ag John Walter fanacht glan ó láthair an dhíshealbhaithe an lá sin, ní foláir nó go raibh tochas sa chluais chlé aige le linn don Athair Ferris cur síos a dhéanamh air ina oráid mar mhaistín gustalach:
An fear a sheol an sirriam anseo inniu … anois ní leor dó seilbh a ghlacadh ar na tailte ónar díbríodh na manaigh bhochta seo, caithfidh sé beagánín creachadóireachta a dhéanamh é féin, caithfidh ról Chromail a dhéanamh é féin. Caithfidh sé sagart ón lá atá inniu ann a dhíshealbhú, a chreachadh, is a chaitheamh amach ar thaobh an bhóthair díreach mar a caitheadh leis na manaigh bhochta úd fadó. Is ní bheidh sé sásta go dtí go mbeidh a iar-thionónta fágtha beo bocht aige gan áit chodlata fiú.
Ach faraor ní leor an chaint throdach seo chun stop a chur leis an rud a bhí dosheachanta agus, faoi a 2 a chlog, bhí an díshealbhú thart agus “na doirse faoi ghlas is iad daingnithe”. Fós féin, maidir leis an ngné seo amháin ní raibh muintir na háite sásta cead a gcinn a thabhairt do lucht an dhíshealbhaithe. B’fhéidir gur éisteadar leis an méid a dúirt an tAthair Ferris faoi mhainistir Chaisleán Uí Liatháin a bheith ina mheabhrú ar dhíshealbhuithe éagóracha a rinneadh fadó mar ba chuimhin le Mary Smith “gur baineadh na fuinneoga agus na doirse ó thigh [an Athair Ferris’] le nach bhféadfadh éinne an teach sin a thógaint ar cíos fad is go raibh an sagart gan dídean”. Amhail is gur cheart don teach ónar díshealbhaíodh an sagart paróiste a fhágaint ina “mheabhrú lom ar an ngadaíocht mhínáireach a deineadh.”
D’ainneoin na ngníomhartha beaga seo chun cur i gcoinne lucht an dhíshealbhaithe, níor athraigh sé an fhírinne lom: ba dhuine gan dídean é an tAthair Ferris anois agus gan an dara rogha aige ach brath ar fhlaithiúlacht a chuid paróisteach agus iad tar éis bothán a ullmhú dó ar thalamh garbh in aice leis an séipéal. Fós féin, conas is féidir lagmhisneach a bheith air agus na múrtha gártha molta ag teacht ón slua le linn dó siúl síos go dtí a bhaile nua. Radharc a raibh cuimhne ghlé ag fear áitiúil darbh ainm Willie Mackey air agus é ina ghasúr ag an am. Ba chuimhin le Willie an slua mór a bhí i dteannta an Athar Ferris agus slán á fhágáil aige leis an dtigh ónar díshealbhaíodh é. Síos leis “cnoc an tsagairt” agus a ainm tuillte go maith ag an stráice sin den bhóthar an lá sin agus líne de shagairt ina seasamh ar dhá thaobh an bhóthair. Iad ann chun dlúthpháirtíocht a léiriú lena gcomhghleacaí díshealbhaithe.
Tar éis dó an bothán a bhaint amach, labhair an tAthair Ferris ar feadh tamaillín leis an slua, ag gabháil buíochais leo as tacú leis in am an ghátair. Seans, agus an slua ag scaipeadh, gur bhraith sé beagánín ísle brí: atmaisféar ábhairín gruama sa bhothán tar éis fhuadar an lae. Gan amhras bhí saol aisteach nua roimhe as seo amach: cónaí air i gcóiríocht éigeandála agus é i mbun a chuid dualgais mar shagart paróiste.
CUID III: IDIRNAISC
Ach fágaimís ina bhothán é ar feadh tamaillín chun céim siar a thógáint againn le gur féidir linn tuiscint níos fearr a fháil ar an scéal iomlán. Maidir le hidirnaisc a rianú idir an triúr stairiúil atá curtha sa séipéal nó i gclós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin, cé go bhfuil caidreamh an Athar Peadar le Tomás Ceannt níos suimiúla ar shlí ós rud é gur casadh ar a chéile iad ar an lá ba chinniúnaí i saol an reibiliúnaigh (féach ar leathanach Thomáis Cheannt), seans go raibh caidreamh an Athar Ferris le Tomás Ceannt ní ba thathagaí ar shlí ós rud é go raibh seanaithne acu ar a chéile.
Mar shampla, bhí Tomás ann in 1880 nuair a ghlac an tAthair Ferris ról lárnach i gConradh na Talún den chéad uair: é i measc an tslua a thug “bualadh bos mór” (agus gan é ach cúig bliana déag d’aois an lá sin) nuair a toghadh an Rev. T. Ferris, P.P.” mar chathaoirleach ar bhrainse Chaisleán Uí Liatháin de chuid Chonradh na Talún.Agus bhí sé ann ag an deireadh mar ní raibh ach cúpla mí fágtha ag an Athair Ferris nuair a thug sé cuairt ar Thomás i bpríosún: áit a raibh téarma príosúnachta dhá mhí ar fhad á chaitheamh aige as dul i mbun comhcheilge chun íoc cíosa a sheachaint.
Ach seans gurb é an nasc ba thochtmhaire eatarthu ná iarsma den sagart a tháing slán trí léigear an Bháin Aird. Mar is léir ó fhianaise a thug deartháir le Tomás, Liam Ceannt, do Bhiúró Stair Mhíleata na hÉireann sa bhliain 1947:
Níor fágadh pána gloine gan bhriseadh. Bhí taobh istigh an tí breac le loirg na bpiléar raidhfil. An t-aon rud a tháinig slán ná an altóir agus na dealbha san Aireagal. Bhí an plástar séidte de na ballaí timpeall na haltóra ar fad ach ní raibh oiread is scríob ar na dealbha. I rith an léigir dhírigh na hionsaitheoirí ar fhuinneog an aireagail mar cheapadar go raibh cailín ina seasamh ann agus í ag scaoileadh urchar leo. Más iontach le rá é, is éard a chonaiceadar ón dtaobh amuigh ná dealbh de Mhuire Lourdes Cheannaigh mo dheartháir Tom an dealbh cheannann chéanna ag ceanntáil de mhaoin phearsanta an Athar Ferris. Thóg an tAthair Ferris abhaile leis í ó Lourdes agus creidim gurbh í ba chúis lenár slán an lá sin agus nár scriosadh ár mbaile go hiomlán.
Is dócha go raibh muintir Cheannt buíoch as an sos a fuaireadar ón dul amú a bhí ar an ndream lasmuigh agus iad den tuairim gur cailín ag scaoileadh urchar leo a bhí sa dealbh den Mhaighdean Mhuire. Ach chreid Liam Ceannt go raibh rud éigin míorúilteach ar siúl. Mar, tar éis an tsaoil, nach raibh seans maith ann go raibh an dealbh seo i measc shealúchas an Athar Ferris an lá ar díshealbhaíodh é? Agus seo anois é ag Bán Ard, i mbun muintir Cheannt a chosaint an lá a raibh an ruaig á gcur orthu as a theach féin? Go deimhin, dála mhuintir Cheannt is iad faoi léigear ina dtigh féin, thuig an tAthair Ferris go rímhaith conas mar a bhraith sé, i bhfocail an amhráin, a bheith “brúite amach … le beaignití fáiscthe” ó do theach féin is é “fágtha ina fhothracha” taobh thiar díot.
Cé acu ar tharla taispeánadh míorúilteach i gCaisleán Uí Liatháin an lá úd nó nár tharla, ó thaobh léargas a fháil ar cén chúis ba ghaire do chroí mhuintir Cheannt, tá sé suntasach go gcuireann Liam Ceannt é féin in iúl ina chuntas in 1947 mar “an t-aon duine amháin atá fós beo ón mbuíon de throdaithe áitiúla de chuid Chonradh na Talún i gcoinne ansmacht na dtiarnaí talún”. Ba dhual do mhuintir Cheannt mar sin breathnú ar an sagart ó Eochaill mar chompánach, mar nuair a thosaigh Cogadh na Talún arís i ndúthaigh Bharrach Mór sa bhliain 1889, bhí an tAthair Ferris chun tosaigh arís ó thaobh páirt a ghlacadh sa chomhrac.
Creid é nó ná creid, bhí sé fós ina chónaí sa bhothán céanna, an bothán a tógadh an chéad lá riamh mar sceach i mbéal bearna agus gan aon duine ag súil go mbeadh cónaí air ann ar feadh na mblianta. Ach seacht mbliana níos déanaí bhí sé fós ina chónaí sa “bhothán adhmaid” gur chuimhin le Bean Mary Smith é a bheith “an-tais” agus “braon anuas ann ar deireadh”. Cé go raibh na blianta ag maireachtaint gan dídean ag luí go trom air, nuair a díshealbhaíodh duine eile dá chuid paróisteach, ní raibh leisce air an fód a sheasamh ar a shon. Ba é Risteárd Rís (nia le Bean Uí Cheannt) a díshealbhaíodh as a fheirm an uair seo. Bhí idirbheartaíocht faoi lánseol chun feirm Risteáird a fháil ar ais dó nuair a díoladh í gan choinne le fear ó Thuaisceart Éireann darbh ainm Orr McCausland. Agus é ina úinéir talún neamhchónaitheach, d’earcaigh McCausland Albanach darbh ainm Robert Brown chun an fheirm a rith ina áit.
CUID IV: COMHCHEILG CHÚL AN GHABHAINN
Ar ndóigh, ag am gurbh é “graibeálaí” an masla ba mheasa a d’fhéadfaí caitheamh le duine, bhí muintir na háite ar buile faoi seo agus gan aon leisce orthu a míshásamh a chur in iúl. Mar shampla, agus é meallta thar n-ais ó Bhostún ag díshealbhú a choil cheathair, bhí Tomás Ceannt i measc lucht an bhaghcait a rinne iarracht cosc a chur ar dhíol muca de chuid McCausland ar an aonach i Mainistir Fhear Maí i mí an Mheithimh 1889.
Ach nuair a crochadh plaiceard in airde sa sráidbhaile an mhí dar gcionn ba chomhartha é go raibh an lasair curtha sa bharrach i gceart. Bhí an tAthair Ferris i measc na sínitheoirí a chuir a n-ainmeacha leis an bplaiceard a d’fhógair go:
Tionólfar cruinniú speisialta den bhrainse seo Dé Domhnaigh seo chugainn an 28 Iúil i gCúl an Ghabhainn. Iarrfar ar dhaoine freastal ar an gcruinniú seo le cur in iúl trí bheith i láthair gur beag a meas ar ghraibeálacht, agus go mbeidh ar ghraibeálaithe talún a gcraos a dhéanamh in áit seachas i gCúil.
Sínithe ag Rev. Thomas Ferris, PP. Caisleán Uí Liatháin, uachtarán; D. Ó Héigeartaigh, Edmond Ceannt, rúnaí oinigh.
Ar deireadh thiar thall, d’fhreastail tuairim is 300 duine ar an gcruinniú, áit ar léirigh an tAthair Ferris go raibh géim sa chailleach fós nuair a rinne sé tagairt dosna díshealbhuithe Ponsonby le linn a óráide (agóid a tharla in Eochaill tamaillín roimhe sin nuair a d’fhear tionóntaí ann stailc cíosa i gcoinne a dtiarna talún agus ba bheag nár fhágadar bancbhriste é). Gheall an tAthair Ferris don slua bailithe i gclós an tséipéil go bhfaighidh tiarnaí talún i gCúil an Ghabhainn “blas” den rud céanna. Cháin sé go géar freisin éinne a rinne aithris ar Brown, á rá gur “graibeálaí talún mallaithe” é aon duine a bhog isteach i bhfeirm as ar caitheadh duine eile toisc nach raibh sé in ann an t-ainchíos a íoc.
Ach ba é a shagart cúnta an tAthair Jeremiah O’Dwyer an té ba mhó a ghríosaigh an slua leis an óráid seo a leanas:
Táimid anseo inniu chun teacht le chéile mar bhuíon … Is é an tUasal Risteárd Rís atá thíos leis inniu, seans gur tusa an té a bheidh thíos leis amárach. An ligfidh tú don tionónta díshealbhaithe a bheith caite amach ar thaobh an bhóthair mar sin? (Gártha de: “Ní ligfidh!”)
Níor fhág sé lá amhrais ar a lucht éisteachta faoi cé hé a bhí ciontach chomh maith le cur ina luí orthu gur fúthu a bhí sé rud éigin a dhéanamh faoi:
Ba chaora dhubh é sean-Bhrown, agus chuireadar an ruaig air ó Albain, agus cén fháilte a gheobhaidh sé anseo? Fágfaidh mé fúibhse an ligfear dó feirm a oibriú anseo?
Bhuel, is fúibhse atá sé plean a shocrú agus beart a dhéanamh de réir bhur mbriathair. Ná lig d’aon duine feirm a sciobadh ó dhuine eile, agus ná lig d’aon duine obair ar fheirm sciobtha; má ligeann tú beidh sé ina údar náire do shliocht do shleachtsa. Lig do scéala bhur rúin dul chuig Brown le gur féidir leisean an scéala sin a chur ar aghaidh chuig a mháistir sa Tuaisceart.
De réir a chéile mhéadaigh na gníomhartha ciaptha i gcoinne Brown. Gníomhartha gan mórán éifeachta ab ea iad den chuid is mó: mar shampla, cuireadh i leith Thomáis gur chaith sé uibheacha le carr Brown agus dúradh gur shéid a dheartháir Dáithí corn ina threo agus gur thug sé “graibeálaí talún” air. Ach tharla eachtraí eile a bhí níos tromchúisí, mar shampla, nuair a ionsaíodh Brown agus é ar a bhealach abhaile ó shearmanas reiligiúnach. Bhí an oiread sin tarcaisne ina leith faoi dheireadh go mb’éigean don bheairic i Mainistir Fhear Muí bia a sholáthar dó mar ní raibh aon siopadóir sásta aon rud a dhíol leis.
Chun a gceart a thabhairt do na hagóideoirí, ní raibh na rudaí a bhí ar bun acu rófhada ó na teaicticí a mhol uachtarán Chonradh na Talún é féin ag tús Chogadh na Talún:
Nuair a ghlacann duine seilbh ar fheirm ónár díbríodh duine eile, ba cheart duit cúil a thabhairt leis nuair a chastar ort é ar an mbóthar; ba cheart duit cúil a thabhairt leis i sráideanna an bhaile mhóir; ba cheart duit cúil a thabhairt leis sa siopa … agus fiú sa séipéal trí é a fhágaint ar a aonair, trí neamhaird iomlán a dhéanamh de ar bhonn morálta, trí é a scoitheadh amach ó gach éinne … amhail is gur lobhar den seandéanamh é – ní mór duit an dearg-ghráin atá agat ar an gcoir atá déanta a chur ar a shúile dó go lom.
Charles Stewart Parnell, cruinniú in Inis, 19 Meán Fómhair 1880.
Chuir Parnell an teaictic seo chun cinn mar mhodh “níos Críostaí agus níos daonnachtúla” chun brú a chur ar thiarnaí talún agus a gcuid gníomhairí éirí as a ndrochghníomhartha. An baol le caitheamh le duine “amhail lobhar fadó”, áfach, ná go bhfuil sé de nós ag daoine dul thar fóir agus iad i mbun sin.
Bhí an neamhréiteach céanna le sonrú san óráid a thug an tAthair O’Dwyer i gclós an tséipéil agus é ag moladh don slua gníomhú de réir phrionsabail na frithbheartaíochta síochánta ar lámh amháin: “Táim muiníneach nach n-oibreoidh aon fhear mar oibrí feirme ar an bhfeirm seo, ná aon siúinéir, nó gabha, nó aon duine eile; ach nuair a iarrtar air é sin a dhéanamh, cuirfidh sé a lámha ina phócaí agus déarfaidh sé ‘maidin mhaith, a dhuine uasail’.” I bhfocail eile, is é an rud a bhí á mholadh ag an Athair O’Dwyer ná feachtas d’easumhlaíocht shibhialta, agus an bhéim ar an bhfocal sibhialta sa mhéid is nach raibh aon duine chun lámh a leagan ar aon duine eile.
Tá go maith ach, sa chéad abairt eile geall leis, ar seisean go neamhchorrbhuaiseach: “Fainic anois, a chonstáblaí! Coinnigh súil ghéar ar na ba sin. Cosain an féar tirim agus an teach. Cuirfear an teach trí thrine”. Ach cén mhaith é má dúirt sé mar agúisín: “ach geallaim daoibh nach mbeidh baint ná páirt ag aon fhear, bean, nó páiste atá anseo lena leithéid de bheart”? Is é is dóichí ná gur chuma leis na daoine teasaí sa slua faoi chaolchúis mar sin. Bhí gráin níos mó ná riamh acu ar ghraibeálaithe talún amhail Brown a bhuí le hóráid ghríosaitheach an Athar O’Dwyer. Go deimhin féin, sna seachtainí ina dhiaidh sin b’éigean póilíní a chur ar garda ó dhubh go dubh ar fheirm Brown ar eagla go ndéanfaí beart de réir briathair an Athar O’Dwyer nuair a dúirt sé gur gach seans go ndófar a theach go talamh.
Ach, chun a cheart a thabhairt don Athair O’Dwyer, más é an rogha eile ná seasamh siar is féachaint ar dhaoine á dtachtadh diaidh ar ndiadh, ní dócha go raibh mórán roghanna eile aige ó thaobh córás leatromach a athrú. Óir, mar is léir ó chás an Athar Ferris, más féidir leis an bhfear ag iarraidh tú a bhánú fios a chur ar 50 póilín agus 40 saighdiúir chun a thoil a chur i gcion ort, is é an t-aon chosaint a bhí agat ná dul i bpáirt le do phobal chun cur ina choinne mar ghrúpa. Má sheas a dhóthain de do chomharsana leat, seans go gcúbfaidh sé uait. “Ní neart go cur le chéile” a deirtear agus is fíor sin ach tosaíonn an neart sin ag imeacht le gaoth a luaithe is a loiceann duine amháin i measc iadsan ag seasamh gualainn ar ghualainn. Go dtí go gcailleann an slua a mhisneach ar fad is tú fágtha ar d’aonair ansin gan aon chosaint in aghaidh fhearg na mboc mór. Rud a fhágann go gcaithfí tarcaisne a chothú i measc na cosmhuintire an t-am ar fad le nach loicfidh aon duine.
Pé scéal é, ghéaraigh an feachtas i gcoinne Brown go dtí gur eisigh na húdaráis toghairmeacha ar dheichniúr fear (é curtha ina leith gur cheannairí den bhaghchat iad) a d’ordaigh dóibh a bheith i láthair os comhair chúirt Mhainistir Fhear Maí ar an 9 Meán Fómhair 1889. Áit a gcuirfí ar a dtriail iad ar chúis imeaglú a dhéanamh ar ghníomhaire tiarna talún (agus sin an chúis a tugadh “Comhcheilg Chúl an Ghabhainn” ar an eachtra stairiúil seo ar fad). Cúisíodh an tAthair O’Dwyer in éineacht leo as “daoine eile a ghríosadh chun imeaglú a dhéanamh ar” Brown.
Ag deireadh na trialach, fuair An tAthair O’Dwyer, Dáithí agus Liam Ceannt téarmaí príosúnachta (ach níor cúisíodh Tomás Ceannt an uair seo agus gan é ach díreach tagtha abhaile ó Bhostún). Chaith an tAthair O’Dwyer sé mhí sa phríosún agus scaoileadh saor é i mí an Mhárta 1890. D’fhill sé go caithréimeach ar Mhainistir Fhear Maí ar an 3ú Aibreán, ag teacht isteach ar an dtraein ag 4:30 i.n.. Bhí slua mór ann chun fáilte a chur roimhe, ag plodú timpeall a charráiste chun lámh a chroitheadh leis. Ag smaoineamh siar go 1883 nuair ba eisean laoch na cosmuintire, ní thógfá air é má bhraith an tAthair Ferris go raibh a shagart cúnta tar éis é an solas a bhaint de. Ach in ionad éad a bheith air go raibh gnaoi na ndaoine ar a chomhghleacaí sóisearach anois agus ní air féin, b’amhlaidh go raibh bród air, agus é ar cheann de na chéad daoine ina seasamh ar ardán na traenach chun fáilte a chur roimh an Athair O’Dwyer, ainneoin na drochaimsire,
CUID V: Ocht mBliana ina Phríosúnach
Agus, tar éis a théarma príosúnachta a chur de i dTulach Mhór, ar cheann de na príosúin ba chrua in Éirinn é, bhí fáilte an ghaiscígh tuillte go maith ag an Athair O’Dwyer, Ach sa sceitimíní faoi scaoileadh saor an Athar O’Dwyer, seans go ndearnadh dearmad go raibh ocht mbliana de théarma príosúnachta curtha de ag an Athair Ferris cheana féin. Ceart go leor, bhí doras a chillín—nó a bhothán i gclos an tséipéil ba cheart dom a rá—i gcónaí ar oscailt. An fód seasta aige go cróga le fada an lá, ní thógfadh éinne air é má bhog sé amach go lóistín níos compordaí. Ach níor bhog, fiú nuair ba léir go raibh sé ag déanamh dochar mór dá shláinte.
Seans gur bhraith sé nach féidir leis bogadh amach; ní agus daoine fós á ndíshealbhú ina pharóiste féin. Fad is a bhí sé sin ag tarlú, ní raibh aon dul as aige ach leanúint leis ar nós an fhoirgnimh sin, mainistir Chaisleán Uí Liatháin, ar tharraing sé aird uirthi an lá a díshealbhaíodh é féin. Í creimthe, rian na haimsire ar a héadan ach, ar chuma éigin, í fós ina seasamh. Dar leis, bhí sé ríthábhachtach an diongbháilteacht a aimsiú ann féin chun leanúint ar aghaidh lena bhigil agus é fós ina chónaí, i bhfocail an amhráin, “i mbothán uaigneach/ i measc na dtuamaí”. Go dtí go bhfaightear bua sa chath ar son na dTrí F-nna sa deireadh thiar thall. Go dtí sin leanfadh sé air, is é i mbaol titim as a chéile, mar mheabhrú beo de shaint thiarnaí talún na linne sin díreach mar atá Mainistir Chaisleán Uí Liatháin fós ina “meabhrú beo” ar dhíshealbhuithe éagóracha a deineadh fadó fadó.
Faraor géar, d’éirigh sé iomarcach faoi dheireadh agus ba dhrochthuar é nuair a tuairiscíodh ag cruinniú de chuid Chonradh na Talún i gCaisleán Uí Liatháin i mí Dheireadh Fómhair 1890 go raibh an tAthair Ferris “as láthair de bharr breoiteachta”. Ba léir nach raibh mórán dóchais ann go dtiocfadh biseach air go luath mar toghadh duine eile ina áit mar uachtarán.
Ansin, i mí Feabhra 1891, tháinig scéala chuig an tAthair Peadar Ó Laoghaire i nDún ar Aill go raibh “an sagart paróiste i gCaisleán Uí Liatháin ar leaba a bháis”. Tamall beag ina dhiaidh sin, ar an 10ú Feabhra 1891, fuair sé litir ón easpag á rá leis go raibh an tAthair Ferris marbh agus go mbeadh sé ag teacht i gcomharbas air mar an sagart paroiste i gCaisleán Uí Liatháin.
Fuair an tAthair Ferris bás ina bhothán ar an 7ú Feabhra 1891 agus ní hí Mary Smith an t-aon duine amháin a cheap gurb é an cruatan a d’fhulaing sé ag maireachtaint gan dídean “a ghiorraigh saol an tsagairt mar ní raibh sé ach na trí scór nuair a bhásaigh sé.” Mar a tharla sé, ba dheireadh ré ar go leor bealaí í an bhliain a fuair an an tAthair Ferris bás mar fuair Charles Stewart Parnell bás in 1891 freisin. Faraor chuir Parnell a ghairmréim pholaitiúil ó mhaith an bhliain roimhe nuair a tarraingíodh isteach i scannal colscartha é, scannal a scoilt an ghluaiseacht a raibh sé ina cheannaire uirthi. Lean an troid ar son chearta feirmeoirí tionóntacha ar aghaidh go bacach ina dhiaidh sin ach ní bheadh sé riamh chomh láidir agus a bhíodh sé nuair a bhí an tAthair Ferris i mbarr a réime.
Mar is dual do chogaí tnáite, d’imigh go leor ama thart sular baineadh bua amach ar son chearta feirmeoirí tionóntacha. Ach a bhuí le feachtasóirí leithéid an tAthair Ferris, bhí an cóimheas millteanach éagórach sin a bhí i réim ag tús Chogadh na Talún (is é sin nach raibh ach 3% d’fheirmeoirí Éireannacha ina úinéirí ar a gcuid feirmeacha féin) tar éis iompú droim ar ais faoi 1929: anois bhí 97% d’fheirmeoirí Éireannacha ina n-úinéirí ar a gcuid feirmeacha féin.
Tagann líne ó fheartlaoi an Athar Ferris chun chuimhne sa chomhthéacs seo: AN UNFLINCHING PROTECTOR OF THE POOR AND THE OPPRESSED. Agus sin é bun agus barr an scéil: níor loic sé. Níor loic sé fiú nuair ba ghá dó a shláinte féin a chur i mbaol chun an fód a sheasamh dá chuid paróisteach. B’fhéidir, agus é roimhe gach uair a chuaigh sé isteach sa séipéal, gur thug sé suntas don mhana ar an umar uisce coisricthe (cloigeann agus croschnámha greanta os a chionn) in aice leis an bpríomhdhoras: Cum sit vita brevis discito bene mori, “Ós rud é go bhfuil an saol gairid, foghlaim conas bás a fháil go huasal.” Más ionann bás a fháil go huasal agus cloí le do chuid prionsabal go bun an angair, is cinnte go bhfuair sé bás uasal.
Má tá tú fiosrach faoi cá raibh a bhothán, téigh amach go dtí an linn éisc, áit a bhfaighidh tú plaic (curtha suas in 2017) san áit a raibh sé. Ansin abair paidir más maith leat ar son an té “nach beag a fhulaingt” agus an fód á sheasamh aige d’fheirmeoirí bochta.
LEABHARLIOSTA
Britway – Castlelyons – Kilmagner: Reunion 1991. Cork: Castlelyons Committee, 1991.
O’Brien, Eilish and Pat. Mise an Mac San: Ag Cuimhneamh ar an Athair Peadar Ó Laoghaire. Cork: Sciob Sceab, 2018.
Ronayne, James. “Tribute to evicted priest who spent 11 years in hut.” 07 Jul 2017 <https://www.echolive.ie/corklives/arid-40181061.html>.