Samhlaigh seo: Dé Máirt, 23 Márta 1920, díreach tar éis Aifrinn a haon déag. Slua brónach bailithe i gCaisleán Uí Liatháin. Féachann fear féasógách ar chónra á ligint síos sa chré. Go tobann ar sé go giorraisc: “Disgraceful! That coffin plate has at least seven grammatical errors!”
Cuid I: Na Seacht mBotún Grammadaí
Cé hé siúd? Sin Osborn Ó hAimhirgín, “prionsa na scoláirí Gaeilge”. B’aisteach an chaint í seo ar shochraid ach ní chuirfeadh sé lá iontais ort ag teacht ó hOsborn agus a fhios ag an saol cé chomh gafa is a bhí sé le cúrsaí gramadaí. Pé scéal é, seans gur le trua a lochtaigh sé inscríbhinn na cónra agus a fhios aige go ngoillfeadh sé ar a sheancara an tsíoraíocht a chaitheamh le droch-Ghaeilge os a chionn. Conas nach ngoillfeadh agus iad tagtha anseo inniu chun slán a fhágáil leis an Athair Peadar Ó Laoghaire? Fear chomh gafa le cúrsaí gramadaí agus a bhí Osborn féin, más aon chomhartha an ráiteas seo uaidh:
Sarar fhágas-sa Lios Caragáin níor airíos riamh ‘tá mé’; ‘bhí mé’; ‘bhí siad’. D’airínn i gcónaí ‘táim’; ‘bhíos’; ‘bhíodar’. Nithe beaga is ea iad san, ach is nithe beaga iad a thagann isteach go mion minic sa chaint.
Cá bhfuil Lios Carragáin? Tá sé i gCluain Droichead gar do Mhá Chromtha, áit ar rugadh an tAthair Peadar sa bhliain 1839. Duine eile ó Lioscaragáin ar a shochraid ná a dheirfiúr Máire Ní Laoghaire, í ina cónaí leis i gCaisleán Uí Liatháin ó tháinig sé chun cónaithe ann mar shagart paróiste sa bhliain 1891. Bhí bean áitiúil sa slua agus scéal le hinsint aici faoi Mháire a léirigh gurbh fhada buí mar áit í Caisleán Uí Liatháin ón áit inar rugadh agus tógadh Máire agus Peadar: is é sin, Gaeltacht Mhúscraí. Bean Mary Smith ab ainm di agus ba chainteoirí dúchais iad a seantuismitheoirí (bhí Gaeilge ón gcliabhán ag 13% den dhaonra i gceantar Mhainistir Fhear Maí sa bhliain 1891.)
De réir an tseanchais, bhí Máire ag siúl síos ó thig an tsagairt lá amháin nuair a casadh seanbhean uirthi. Bheannaigh sí don tseanbhean i nGaeilge ach is é an freagra maslaithe a fuair sí go pras ná: “Why I can speak English as good as yourself!” Cúis gháire ab ea an eachtra seo do Bhean Smith ach ba léargas é freisin ar an leisce a mbíodh ar ghnáthdhaoine Gaeilge a labhairt in Éirinn ag tús an fichiú haois ar eagla go dtogfaí mar chomhartha é gur daoine bochta aineolacha iad.
Rinne an tAthair Peadar mórán le hathrú meoin a chur ar bun maidir le seo, go mór mór trí Ghaeilge na Gaeltachta a chur chun cinn mar bhonn don Nua-Ghaeilge ag am a raibh daoine eile ag iarraidh filleadh ar Ghaeilge Sheathrún Cheitinn ón 17ú déag. Ina theannta sin, trí a chéad úrscéal a líonadh le Gaeilge na Gaeltachta, chuir an sagart Múscraíoch ar a súile do chainteoirí dúchasacha go bhféadfadh a dteanga laethúil leibhéal na healaíne a bhaint amach, mar a d’aithin Pádraig Mac Piarais nuair a dúirt sé faoi Séadna: “Here at last we have literature!”
An mhaidin sin in 1920, gach seans gur cheap Máire gur fada buan cáil a dearthár. Mar, i ndeireadh na dála, ba bheag an baol go ndéanfadh daoine dearmad go luath ar fhear a chuirfeadh ar comhchéim le mórscríbhneoirí an Bhéarla tráth:
What Thackeray and Dickens have done for English literature Father O’Leary has done for Irish.
—Liam T. Mac Cosgair, 1911.
Agus caolsaol go ligfí i ndearmad an fear a raibh aithne chomh fairsing air tráth go ndúradh faoi:
almost every man, woman and child in Ireland, who has ever handled an Irish book knows the name and loves it.
—Seán T. Ó Ceallaigh, 1911.
Ach is dócha gurb é an chúis is mó nach ndéanfaí dearmad go luath air ná líon na n-éachtaí liteartha a bhain sé amach:
- An chéad dráma riamh sa Nua-Ghaeilge: Tadhg Saor sa bhliain 1900.
- An chéad úrscéal riamh sa Nua-Ghaeilge: Séadna sa bhliain 1904.
- An chéad dhírbheatháisnéis riamh sa Nua-Ghaeilge: Mo Scéal Féin sa bhliain 1915.
Ach faraor, ba dhrochthuar iad na seacht mbotún gramadaí ar a chónra don mheath a thiocfadh ar a cháil tar éis a bháis.
Bhí comharthaí ann sula i bhfad nach raibh daoine sásta a thuilleadh mór is fiú a dhéanamh den Laoghaireach. Léiriú glinn air seo ná An Béal Bocht, úrscéal a scríobh Brian Ó Nualláin sa bhliain 1941. Agus é suite i nGaeltacht ina n-aithníonn muintir na háite teacht an tsamhraidh ní ón gcéad fháinleog feicthe sa cheantar ach ón gcéad “Gaeilgeoir Bhleá Cliathach” a fheictear ar na bóithre, sa saol mar a léirítear é insan Béal Bocht ní Gaeilgeoir thú mura raibh Séadna léite agat. Mar a thugtar le fios le línte leithéid: “Ar léis ‘Séadna’ riamh?’ arsa an Seanduine, go macánta.” Ach is léir freisin go raibh an t-údar ag spochadh as Gaeilgeoirí díograiseacha a rinne dia beag den Athair Peadar: “Nee doy lum goh vwill un fukal sin ‘meath’ eg un Ahur Padur,” arsa an Gaeilgeoir go cneasta.” Ba leor a gcuid Gaeilge lochtach mar chomhartha nár cheart muinín ró-mhór a chur ina gcuid breithiúnais.
Bhí cnáimhseáil faoi choim ann fiú siar san am a raibh leisce ar dhaoine a rá gur saoi le locht a bhí san Athair Peadar. Cuir i gcás, thart ar 1916 tharraing V. L. O’Connor scigphictiúr ina bhfuil an Laoghaireach ar tí ógánach séimh a ionsaí le tua mhaol. Seans go bhfuil sé seo ag magadh faoi nós an tsagairt ionsaí a dhéanamh ar dhaoine sna nuachtáin: trí litir thréan a sheoladh chuig an eagarthóir de ghnáth. Ach ní raibh sé de mhisneach ag an scigealaíontóir a scigaithris ar sheóid náisiúnta a fhoilsiú mar is léir ón nóta a chuir sé lena phictiúr: “Dangerous: not for publication”.
Neartaigh ar an míshástacht sna 1970aí nuair a tarraingíodh aird ar cheanndánacht an Athar Peadar ina chaidreamh lena eagarthóir Eoin Mac Néill. Thosaigh an t-achrann eatarthu nuair a chuir an Niallach deireadh le foilsiú Shéadna in Irisleabhar na Gaedhilge. Tharraing an Laoghaireach raic nuair a mhaígh sé “I must be allowed to write blíaghaín or blíadhaín just as I like!” Éileamh míréasúnta, déarfá, ach gan é a bheith chomh míréasúnta sin má chuireann tú san áireamh a bhunriail maidir le Gaeilge bhlasta a scríobh:
Any man who wants to write lrish has nothing to guide him but the pronunciation of those who speak the living language still … he must use his ear the first of all.
Cuid II: An Ghabhlóg Thiúnála
“Litriú foghraíochta” a bhí i gceist aige mar sin agus é ag éileamh go ligfí dó litriú pé slí is maith leis. Bhí géarghá le litriú solúbtha, dar leis, chun focail a chur síos ar pár díreach mar a tháinig siad ó bhéal an chainteora dhúchais. Ní hé nach bhfaca sé an tábhacht a bhain le litriú caighdeánaithe ach gur cheap sé go raibh sé á chur i bhfeidhm ró-luath sula raibh deis ag caomhantóirí teanga dá leithéid dul amach agus raidhse samplaí a bhailiú ó chainteoirí dúchais ag cur fúthu ar an iargúil.
Agus ba bheag duine a bhí in ann don obair seo, dar leis. Éist leis an gcaint seo uaidh in 1899: “It is a sad fact, but it is a real fact, that no other living human being knows how to handle the language as I do.” Ráiteas sotalach, déarfá, ach ruainne den fhírinne ag baint leis má chuireann tú san áireamh an saghas duine a bhí i gceannas ar Athbheochan na Gaeilge, dar le Pádraig Ó Fiannachta:
Foghlaimeoirí Gaeilge ab ea fórmhór lucht an Chonartha i dtús a réime. Ní raibh léamh ná scríobh ach ag fíorbheagán de na cainteoirí ó dhúchas. B’iad na foghlaimeoirí, dá bhrí sin, i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí scríbhneoireachta.
Níor thóg sé i bhfad ar Mhac Néill a aithint gur seoid a bhí san Athair Peadar sa mhéid seo. Mar is léir ón sceitimíní a bhí air agus an chéad chaibidil de Shéadna á fhoilsiú aige in Irisleabhar na Gaedhilge in 1894: “One of the best samples, if not the very best, of Southern popular Gaelic that has ever been printed”.
Agus Gaeilge ón gcliabhán aige, thuig an Laoghaireach go raibh ceol ag baint leis an nGaeilge i mbéal cainteora dhúchais. Mholadh sé d’fhoghlaimeoirí a gcluasa a úsáid mar a bheadh gabhlóg thiúnála ann agus éisteacht le cainteoirí dúchasacha chun iad féin a chur i dtiúin le rithimí na Gaeilge. Agus sin an fáth ar ghoill Gaeilge foghlamtha ó leabhair ar a chluais; nó, mar a dúirt sé féin: “Is amhlaidh a bhíonn bhur gcuid Gaeilge ag faire ar a gcosaibh.” Maidir le Mr. Mac Neill”, a dúirt sé agus rian de dhrochmheas ar a ghlór, an rud a chuir ó mhaith é ná nach raibh “tuning-fork” ar bith aige. Ba leasc leis litriú na Gaeilge a fhágaint do dhaoine dá shórt mar sin agus é cinnte de go rabhadar bodhar ar cheol na teanga.
Cuid III: An Diabhal ar Dhá Roth
Agus an Ghaeilge á cosaint aige ó iadsan a chuirfeadh as a riocht í , ní raibh leisce ar an Athair Peadar aird a tharraingt ar lochtanna daoine eile. Agus, ar an gcaoi chéanna, le himeacht aimsire, ní raibh drogall ar léirmheastóirí aird a tharraingt ar ghnéithe de leabhair an Athar Peadar a léirigh nach raibh sé thar mholadh beirte mar scríbhneoir. Loit an caitheamh anuas seo a stádas liteartha de réir a chéile go dtí gur beag scoláire sa lá atá inniu ann a mhaífeadh gur mórscríbhneoir é. Ach, sula gcuirimid droim láimhe leis mar scríbhneoir beagmhaitheasach, ba cheart dúinn cuimhneamh ar an mbrú a bhí air agus é ag scríobh.
Óir, nuair a chuaigh sé i mbun pinn den chéad uair ag caoga cúig bliana d’aois, ba thearc é an t-ábhar léitheoireachta a bhí le fáil sa Ghaeilge. Agus cainteoirí dúchasacha ag fáil bháis ina dtáinte, bhraith sé go raibh rás in aghaidh an chloig ar siúl aige mar sin chun a chur síos ar pár an Ghaeilge cheolmhar sin a chuala sé cois tine le linn a óige i nGaeltacht Mhúscraí. Agus é cráite leis an imní seo faoi bhás na Gaeilge, níor chaith sé an dua céanna lena chuid plotaí, rud a d’fhág nach raibh teist na mblianta ar a chuid saothar. Murab ionann is Dickens agus Thackeray a bhfuil ardmheas ar a gcuid úrscéalta fós.
Lena chois seo, bhí neamheaglacht ag baint leis, neamheaglacht a bhí geall le díth céile uaireanta chomh fada agus a bhain sé lena nós tabhairt faoi rudaí nua. Fiú nuair a bhí sé anonn go maith san aois. D’inis fear áitiúil darbh ainm Pádraig Ó Nuatáin scéilín faoin sagart a léirigh an tréith seo go binn. Rugadh Pádraig i “gCnoc na gCapall ar bhruach na Bríde”, sé sin, baile fearainn in Áth Cairn. Faoin am ar rugadh Pádraig i gCnoc na gCapall sa bhliain 1884 bhí an Ghaeilge fós á labhairt ag an gcuid is mó de mhuintir na háite. Dá bhrí sin, mar a dúirt sé féin, “ba í fuaim na Gaeilge an chéad fhuaim ar chuala mé riamh agus mé i mo leanbh”.
Agus, má éisteann tú le hagallamh raidió leis ó chartlann RTE, is léir go raibh blas ar a chuid Gaeilge. Ceann eile dá thréithe, cé gur rugadh é transa na teorann in Áth Cairn, ba léir go raibh dáimh aige le Caisleán Uí Liatháin, dáimh go mb’fhéidir go raibh baint aige le roinnt uaigheanna de mhuintir Uí Nuatáin atá fós le feiscint i Reilig Chaisleán Uí Liatháin. Is é an ceann is déanaí díobh seo ná leac uaighe “Erected by Ansty Newton of Knocknagapol in loving memory of her husband John Newton”, fear a fuair bás sa bhliain 1848.
Má bhí gaolta aige sa sráidbhaile seo i ndúthaigh Bharrach Mór seans gurb in an fáth, mar a dúirt sé ina agallamh, go raibh sé de nós ag a theaghlach freastal ar an gcéad Aifreann i gCaisleán Uí Liatháin gach Domhnach. Bhí sé de chúram air an carr cliathánach a thiomáint chun an Aifrinn agus is ar an gcaoi seo a bhuail sé leis an an Athair Peadar den chéad uair nuair a thug sé síob abhaile dó ón Aifreann maidin Domhnaigh amháin. Ní dúradh mórán an chéad mhaidin sin ach, le linn dó a lán síoba eile a thabairt don sagart ina dhiaidh sin, d’éiríodar ana-mhór lena chéile.
Maidir leis an scéilín a léirigh gur duine neamheaglach é an Laoghaireach, tharla sé nuair a bhí Pádraig naoi mbliana d’aois (agus fágann sé sin gurb í an bhliain 1893 a bhí ann). Bhí Pádraig óg i bpáirc ina raibh spealadóirí ag baint arbhair:
nuair do rith buachaill isteach sa pháirc chugainn agus é i ndeireadh anama le scanradh. Do rith sé faoi dhein duine de na spealadóirí go raibh aithne aige air agus Ó, ó, ó ar seisean, “Tá sé ar mó thóir! Tá sé ar mo thóir!”
“Cad d’imigh ort?” arsa an spealadóir.
“Tá sé ag teacht an bóthar aniar,” ar seisean “agus é in airde ar dhá roth.”
“Cé hé féin?” arsa an spealadóir.
“An diabhal dubh,” ar seisean. “An diabhal dubh. Beidh sé chugaibh láithreach,” ar seisean, “agus ní fios cad é an [?] a chuirfidh sé orm.”
Bhí a fhios ag an spealadóir gur chonaic an buachaill rud éigin neamhchoitianta agus chuaigh sé amach ar an mbóthar agus sinn go léir ina dhiaidh. Ach ní túisce a bhíomar ann nó ná go raibh fear an dá roth chugainn ach in ionad an diabhail cé a bheadh ann ach an tAthair Peadar agus ceann desna rothaí aige mar ghléas iompair ar a dtugtaí pingin feoirling.
(Dála an scéil, más mian leat éisteacht leis an agallamh iomlán, ta sé ar fáil anseo https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/21520405/).
Ba léir nach bhfaca an garsúinín pingin agus feoirling riamh cheana agus cad é mar ghléas iompair ait, dar leis, nuair a chonaic sé fear in airde air agus é gléasta ó mhullach go sáil in éadaí dubha. Nuair a chonaic sé an feic seo ag teacht síos an bóthar chuige ar nós na gaoithe, tháinig eagla a anama air agus é cinnte dearfa de go raibh an diabhal féin ar a thóir.
Ach ní raibh i gceist leis an tromluí thuas ar dhá roth seo ach an tAthair Peadar agus é amuigh ag rothaíocht ina éide shagairt. Agus cad é an ceacht le baint as an scéal seo? Bhuel, is dócha go léiríonn sé, cé go raibh sé millteanach seanfhaiseanta i slite áirithe, bhí an tAthair Peadar chun tosaigh ar lucht a linne i slite eile. Agus is dócha gurb é an meon neamheaglach seo (mar is léir, mar shampla, ón gcaoi a raibh sé ar thús cadhnaíochta ó thaobh triail a bhaint as an rothar mar ghléas iompair) a ghriog é chun tabhairt faoin oiread sin rudaí nua mar scríbhneoir.
Ó thaobh conas mar a d’éirigh sé ina scríbhneoir, tá sé éasca snáithe a chuid smaointe a shamhlú mar seo: Céard é sin atá á rá agat? Níor scríobh éinne dráma i nGaeilge riamh?! Ambaiste ach tá sé thar am do dhuine éigin tabhairt faoi! Nó Ná habair nár scríobh éinne úrscéal i nGaeilge fós?! Conas is féidir le duine an Ghaeilge a fhoghlaim?! M’anam ach déanfaidh mise rud éigin faoi!
Ach ba é an fhadhb a bhain le bheith ar an gcéad duine le tabhairt faoi a lán séanraí i nGaeilge ná nach raibh aon réamhshampla leagtha amach roimhe mar threoir. Agus an t-ádh ar na scríbhneoirí a lean é dá bharr bheith in ann foghlaim óna chuid botún. Is léir gur thuig Pádraig Mac Piarais an méid sin nuair a dúirt sé:
The formative influence of ‘Séadna’ is likely to be great. Some of our most distinctive writers have declared that it was the early chapters of ‘Séadna’ which first taught them to write lrish. Not that they admit themselves mere imitators of Father O’Leary, but rather that ‘Séadna’ showed them how to be themselves
B’fhiú cuimhneamh mar sin gur seans nach mbeadh na scríbhneoirí a lean é chomh hábalta sin Gaeilge shaibhir nadúrtha a scríobh gan a shaothar mar eiseamláir acu. Rud a thuig Seán Ó Riordán nuair a scríobh sé ina dhialann, Lá Caille, 1940: Is deise liom stíl an Athar Peadar ná stíl aon scríbhneora eile dár bhuail umam sa Ghaeilge fós. Cuirfidh macalla … [an fhir] seo mo pheann ag rince ó leathanach go leathanach.
Agus é ag scríobh sa bhliain 1989, chuir Cyril Ó Céirín oidhreacht an Athar Peadar in iúl mar seo a leanas: “Because of the lead he gave and the paths he explored, it could be said that he created a literature single-handed’. Ón gcaint sin, ba dhóigh leat gur taiscealaí neamheaglach ab ea é. Agus bhí iarracht den thaiscéalaí i gceist sa chaoi inar bhain sé triail as séanrá i ndiaidh seánra, ag tabhairt aghaidh go rialta ar thír aineoil. Gan tuairim dá laghad aige go minic cad a bhí sé á tharraingt air féin.
Agus é chomh réidh sin tabhairt faoi rudaí nua, ar tharraing sé an iomarca air féin uaireanta? M’anam gur tharraing. Ach an mbeadh litríocht na Nua-Ghaeilge níos boichte ag tús ré Athbheochan na Gaeilge gan a shampla neamheaglach mar eiseamláir? Is cinnte go mbeadh. Spéisiúil go leor, agus é á chur i gcomparáid le Charles Dickens in 1911, dúirt Liam T. Mac Cosgair: “His works are a quarry from which all … can hew stones to rebuild our national literature—they are a mine of Celtic wealth.”
Seans gurb é seo an tslí is fearr chun a cheart a thabhairt don “diabhal” (thuas ar a dhá roth!) mar sin: i dtús ré Athbheochan na Gaeilge, d’oibrigh an tAthair Peadar go dian dicheallach chun leabhair i nGaeilge bhlasta na Gaeltachta a chur ar fáil ag am a raibh a leithéid fíor-ghann. Agus cuid mhaith dá leabhair léite acu, ní fada go raibh scríbhneoirí Gaeilge níos cumasaí in ann é a shárú mar scríbhneoir ach d’fhéadfá a rá go mbeadh sé níos deacra orthu líofacht a bhaint amach gan a chuid saothar mar amhábhar acu. Ar an gcaoi seo mar sin d’fhág an sagart beag ceannliath ó Mhúscraí lorg nach beag ar an nGaeilge a labhraítear fiú sa lá atá inniu ann.
Tóg a eiseamláir spréagúil as Athbheochan na Gaeilge agus, cá bhfios, b’fhéidir go n-imeodh an fuinneamh as an ngluaiseacht sular thosaigh sé i gceart. Lena chois sin, mura raibh sé ann chun labhairt amach ar son mhuintir na Gaeltachta, seans go dtabharfadh na hAthbheochanóirí bóthar eile orthu féin. Bóthar a chríochnaigh in iarracht bhaoth leagan den teanga a bhí chomh marbh le hArt a thabhairt ar ais ar an saol.
Sa deireadh thiar thall, níl ach aon ní amháin go bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de: cailleadh ana-chuid saibhreas teanga an lá ar cuireadh an tAthair Peadar sa chré.
Slán beo leis na seacht mbotún grammadaí sin.
Foinsí
Britway – Castlelyons – Kilmagner: Reunion 1991. Cork: Castlelyons Committee, 1991.
Breathnach, Diarmaid, and Máire Ní Mhurchú. “Ó Laoghaire, Peadar (1839-1920)”. Ainm.ie
26 March 2022 <http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=210>.
—. “Osborn, Bergin Joseph (1873-1950)”. Ainm.ie 26 March 2022
< https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=122>.
Ní Mhaonaigh, Tracey, Ed. Tháinig do Litir: Litreacha ó Pheann an Athar Peadar Ó Laoghaire chuig Séamus Ó Dubhghaill. An Daingean: Sagart, 2017.
“Nollaig Ó Gadhra i mbun agallaimh le Pádraig Ó Nuatáin.” Siúlach Scéalach 030319. RTE Raidió na Gaeltachta. 03 March 2019
<https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/21520405/>.
O’Brien, Eilish and Pat. Mise an Mac San: Remembering an tAthair Peadar Ó Laoghaire. Cork: Sciob Sceab, 2018.
Ó Dúshláine, Tadhg, ed. Anamlón bliana: ó dhialanna an Ríordánaigh. Conamara : Cló Iar-Chonnacht, 2014.
Ó Nualláin, Brian (aka Myles na gCopaleen). An Béal Bocht. Cork: Mercier P, 1999.