CUID I: NA DEARTHÁIREACHA CHEANNT
Ní haon rud as an ngnáth é saolta a bheith fite fuaite lena chéile i sráidbhaile tuaithe agus dá mbeifeá i gCaisleán Uí Liatháin ar 23 Márta 1920 le haghaidh sochraide an Athar Peadar Uí Laoghaire, d’fheicfeá beirt fhear — “David Kent MP” agus a dheartháir Liam — sa slua. Bhí iarracht den fhinscéal ag baint leo cheana féin as páirt a ghlacadh i gcath lámhaigh le forsaí corónach na Breataine le linn Éirí Amach 1916, eachtra a chuirfeadh an Gunfight ag an OK Corral i gcuimhne duit dá n-éistfeá leis an leagan den eachtra bhí sa seanchas go háitiúil. Agus iad meánaosta faoin am seo, ba bheirt iad Dáithí agus Liam den cheathrar a raibh cáil orthu de bharr na línte seo: : “God grant to Erin in her day of danger / Guards unwavering as the brothers Kent.”
Agus an tAthair Peadar mar shagart paróiste aige le beagnach tríocha bliain faoin am sin, níor chuir sé iontas ar éinne Dáithí a fheiscint ag a shochraid. Ach seans go raibh cúis níos pearsanta ag Daithí freastal air. Mar, tar éis an tsaoil, díreach i ndiaidh Léigear an Bháin Aird, nuair a tháinig scairt impíoch ó theach mhuintir Cheannt “dul faoi dhéin sagairt mar go bhfuil fear ag fáil bháis anseo”, caithfidh gurbh é Dáithí a bhí i gceist mar ní raibh goin a bháis faighte ag Risteárd go fóillín. Pé scéal é, ba é an tAthair Peadar a d’fheagair an scairt sin agus cá bhfios ach nach ndéanfadh Dáithí dearmad go deo ar conas mar a bhraith sé a bheith sínte i mbaol báis agus sagart beag ceannbhán ag cromadh síos chuige chun an ola dhéanach a chur air agus cúpla focal lách a rá leis b’fhéidir chun é a chur ar a shuaimhneas.
Agus é ina sheasamh i gclós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin an lá úd in 1920, má chas smaointe Dháithí chun na beirte eile a sheas leis ag Bán Ard, ní raibh duine amháin acu rófhada uaidh. Risteárd, an deartháir ab óige, an duine sin agus bhí sé curtha sa tuama teaghlaigh cúpla slat ón áit a raibh an tAthair Peadar á chur sa chré. Ach dá bhféachfadh Dáithí thart le haghaidh an cheathrú duine, ba amharc in aisce é mar go raibh Tomás curtha tuairim is fiche míle ón áit a raibh sochraid an Athair Peadar ar siúl.
An fáth nár cuireadh Tomás taobh lena mhuintir i gCaisleán Uí Liatháin? Bhuel, cuireadh an chúis le sin in iúl go lom i gceannlíne a foilsíodh i nuachtán an lá tar éis Léigir an Bháin Aird: CONSTÁBLA DÚNMHARAITHE LE LINN CUARDAIGH. Agus ba as dúnmharú an chonstábla (chomh maith le ‘cabhrú agus neartú leis an namhaid chun dul i mbun éirí amach faoi arm”) a cuireadh Tomás chun báis i mBeairic Choinneála Chorcaí (nó “Príosún Chorcaí” mar a tugadh air lá níos faide anonn) ar an 9 Bealtaine 1916.
Mar bharr ar an ndonas, ós rud é go raibh sé curtha i gclós príosúin, b’annamh a bhí daoine in ann cuairt a thabhairt ar a uaigh. Aon chuairt amháin in aghaidh na bliana le bheith beacht faoi, am a ligtí do dhornán daoine dul isteach sa phríosún chun cúpla paidir a rá cois uaigh an laoich ar lár. Nó, ba chirte a rá, thugadar cuairt ar an áit gur dhóigh leo go raibh sé curtha agus gan éinne 100% cinnte cá raibh sé curtha. Conas faoin spéir arbh fhéidir fios a bheith acu nuair, dar le príosúnach amháin a chaith seal i mBeairic Choinneála Chorcaí tar éis do Thomás a bheith ann, nach raibh tada mar chomhartha “ar cá raibh Tomás Ceannt Kent curtha … ach cros gharbh tarraingthe go doiléir” ar bhalla chlós an phríosúin go ceann tamaill fhada ina dhiaidh.
Cuireadh cros adhmaid suas agus ansin leac mharmar le himeacht aimsire ach bhí cuimhní éirithe chomh doiléir faoin am sin nach raibh lucht bainistíocha an phríosúin féin in ann a rá go baileach cá raibh sé curtha. D’fhan sé ina mhistéir go dtí an bhliain 2015 nuair a thángthas ar thaisí le linn athchóiriú a dhéanamh ar Phríosún Chorcaí agus deimhníodh trí thástáil DNA gur Tomás a bhí ann. Beagnach céad bliain tar éis é a adhlacadh go deifreach i dtalamh gan choisreacan mar sin, mhol an Taoiseach Enda Kenny go dtabharfaí sochraid cheart do Thomás Ceannt. Ghlac a dhaoine muinteartha leis an dtairiscint seo thar ceann Thomáis.
Socraíodh dáta don Sochraid Stáit—Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2015—agus ba léir d’éinne a raibh i gCaisleán Uí Liatháin an lá sin go raibh rud éigin stairiúil ar bun. Chun é sin a thuiscint ní gá duit ach sracfhéachaint a fháil ar na sluaite a bhí sa sráidbhaile an lá sin; maithe agus móruaisle ó shaol polaitíochta na hÉireann ag siúl ina nduine agus ina nduine thar na ceamaraí chun ómós a thabhairt don té a bhí marbh. Is ea, dá mba rud é go raibh tú ag éisteacht le Taoiseach Enda Kenny agus é ag caint faoi conas mar a d’íoc Tomás Ceannt go daor as iarracht a dhéanamh “saoirse a bhaint amach d’Éirinn”, b’éasca a rithfeadh sé leat go raibh ainm Chaisleán Uí Liatháin in airde faoi dheireadh tar éis don reibiliúnach de chuid 1916 filleadh ar a áit dhúchais.
Ach, maidir leis an gcor a tharla i gcinniúint Thomáis le déanaí, ba é an Ceannfort Gerry White a chuir in iúl go snasta é nuair a dúirt sé ag as shochraid:
Le naoi mbliana is nócha anuas bhí corp Thomáis curtha laistigh de bhallaí príosúin … B’uaigneach an uaigh í in áit uaigneach. Duine gan iomrá a bhí ann do mhórán daoine, “an tÓglach Dearmadta”, duine go mb’fhéidir go raibh mearchuimhne ag daoine air mar an duine a bhfuil Stáisiún Cheannt i gCathair Chorcaí ainmnithe as ach sin uile. Inniu, áfach, tá tá athrú iomlán air sin. Inniu, tar éis aimsiú a choirp tamaillín ó shin, tá Tomás Ceannt ar ais i mbéal an phobail arís. Inniu, tabharfaidh Óglaigh na hEireann na honóracha míleata a ceileadh air 99 bliana ó shin. Inniu, ní hé an tÓglach Dearmadta a thuilleadh é. Inniu, tar éis 99 bliana, tá Tomás Ceannt ag filleadh abhaile faoi dheireadh.
Ós ag trácht ar dhuine atá “go mór i mbéal an phobail arís” atáimid, tugann trí rud a ofráladh ag sochraid Thomáis Cheannt léargas glé dúinn ar cén sórt duine é. Maidir leis an gcéad chuimhneachán—coróin Mhuire—ba mheabhrú míchompordach ar a shaol é sa mhéid is go raibh coróin Mhuire ina ghlac aige nuair a maraíodh é agus gach seans gur bhain sé sólás aisti agus é faoi bhéal ghunnaí an dáréag saighdiúirí a raibh sé de chúram orthu é a lámhach.
Tugann an tarna cuimhneachán, a bhiorán Réadóra, é go mór chun cuimhne freisin i bhfianaise cé chomh tiomanta agus a bhí sé dá mhionn staonadh ón ól. Dá bhrí sin is dócha gurbh eisean ba chúis le Complacht na nÓglach i gCaisleán Uí Liatháin a bheith ar cheann de na chéad chomplachtaí ólséantacha sa tír. Tá dlúthbhaint ag an mBiorán Réadóra lena laethanta deireanacha freisin mar bhí a shuaitheantas Réadóra á chaitheamh aige nuair a gabhadh é.
Ba léir an meas a bhí aige ar an suaitheantas seo ón gcaoi ar thug sé é don fhear ar chaith sé a oíche dheireanach ar an saol ina theannta: an séiplíneach príosúin an tAthair Sexton. Dúirt sé leis an séiplíneach é a thabhairt ar ais “gan smál” do an té a thug dó é an chéad lá riamh: An tAthair Aherne i gCaisleán Uí Liatháin. Agus níor stop a dhílseacht dá mhionn staonadh ón ól anseo mar nuair a ofráladh deoch mheisciúil dó chun é féin a shuaimhniú díreach roimh a chur chun báis, dúirt sé: “Bhíos i mo staonaire diongbháilte ar feadh mo shaoil agus is mar staonaire diongbháilte a gheobhaidh mé bás.”
Ach, ó thaobh Tomás a thabhairt chun cuimhne ina steillbheatha, ní raibh an triú cuimhneachán chomh húdarach sin: cóip de dhírbheatháisnéis an Athar Peadar Mo Scéal Féin. Ní hé go bhfuil amhras ar éinne faoin dúil a bhí ag Tomás sa Ghaeilge: ba ríléir é sin (féach thíos). Níl ann ach nach bhfuil cuma na fírinne ar Thomás agus an tAthair Peadar a shamhlú mar dhlúthchairde. Cé gur éasca do dhuine an tátal sin a bhaint as dá bhfeicfeadh sé leabhar de chuid an Athar Peadar a ofráil suas i gcuimhne ar Thomás.
Ach tá an chuma ar an scéal go raibh an fhírinne níos casta: b’fhollasach an méid sin ó litreacha an Athar Peadar agus é ag éirí níos amhrasaí faoina pharóisteach Tomas de réir mar a bhí baint níos mó aige le hÓglaigh na hÉireann. Ach labhróimid a thuilleadh faoi sin ar ball. Go ceann tamaillín, fiosróimid cúlra an fhir a mhaireann a chuimhne go fóill mar an t-aon duine lasmuigh de Bhaile Átha Cliath (seachas Roger Casement) a cuireadh chun báis é as páirt a ghlacadh in Éirí Amach 1916.
Rugadh Tomás ar an 29 Lúnasa 1865 (agus é mar an ceathrú duine a rugadh den naonúr leanaí sa chlann) agus tógadh é ag Bán Ard, feirm de 200 acra i gCúil Íochtarach, Caisleán Uí Liatháin. Ní raibh ach aon bhliain déag d’aois slánaithe aige nuair a fuair a athair bás agus gan an dara rogha ag a mháthair Máire ansin ach seacht mac agus beirt íníonacha a thógáil ar a haonar. Ní haon dóithín an méid sin ach ní haon ríbín réidh í Bean Uí Cheannt ach an oiread agus chuaigh a hiarrachtaí gan stad soláthar dá muirín i bhfeidhm go mór ar a clann, fiú nuair ba dhaoine fásta iad. Mar is léir b’fhéidir ón nós a bhí ag a mac “Tomás Rís Ceannt” a thabhairt air féin agus sloinne a mháthar roimh phósadh á úsáid aige mar a dhara ainm féin.
Cé nach ndeachaigh sé níos faide ná an bhunscoil ó thaobh scolaíochta de, bhí dúil aige sa scríbhneoireacht riamh. An oiread sin dúile go ndúirt duine a raibh aithne aige air go mbíodh “rud éigin i gcónaí á scriobláil aige”. Go deimhin, mhair a dhúil sa scríbhneoireacht go deireadh a shaoil. Mar is léir ó mhionsonra ón gcuntas faoi cad a tharla nuair a cláraíodh é ag deasc an tsáirsint tar éis Léigear an Bháin Aird: ní raibh tada ina phóca aige ach cúpla bonn airgid agus roinnt dánta a chum sé le linn dó a bheith ar a theitheadh an tseachtain roimhe sin.
CUID II: AG TRIALL AR BHOSTÚN
Agus iad ag cuimhneamh ar Thomás i mbláth a mhaitheasa, rinne daoine muinteartha leis cur síos air mar fhear ard dathúil “a mbíodh an-tóir air i measc na mban ar an urlár rince”. Gach seans gur chuir na tréithe seo ar a chumas dul i gcion ar dhaoine nuair a chuaigh sé ar imirce go Bostún sa bhliain 1884 agus é naoi mbliana déag d’aois. Ghlac sé ballraíocht sa Chumann Philo-Ceilteach go luath ina dhiaidh sin agus ba trí chumann Gaeilge a bhunú faoi scáth na heagraíochta sin a chuaigh sé i bhfeidhm ar an bpobal Éireannach i mBostún. Fuair sé ardú céime agus ní fada go raibh sé mar bhall de Bhord Stiúrtha an Chumainn Philo-Cheiltigh.
Ní foláir nó go raibh an-chion air i mBostún mar is léir ón mblas uaigneach beagnach ar na hailt sna nuachtáin a d’fhógair go raibh sé imithe abhaile ar saoire. Amhail an ceann seo a foilsíodh san Irish Echo i mí Iúil 1887: “Níl scéala faighte againn ónár mBráthair Ceannt go fóill . . . Is mór an sólás dúinn é, áfach, smaoineamh go mbeidh sé ag obair go dian dícheallach ar son na Gaeilge pé áit ina bhfuil sé.”
Dúirt Pádraig Mac Piarais tráth “Tír gan teanga tír gan anam” agus is cinnte gurb é seo mana Thomáis mar is léir ó litir uaidh a foilsíodh san Gaelic Society Irish American Weekly i mí Eanáir 1889:
Is cúis náire é d’Éireannaigh gan a bheith in ann a dteanga dúchais a labhairt. Is deargnáire é dóibh gan chabhrú lena hathbheochan, níl ach costas fíorbheag ag baint le bheith id’ bhall de chumann Gaeilge … Dúisígí, a bhráithreacha Ceilteacha, agus glac páirt san obair fhiúntach a bhaineann le do theanga féin a chaomhnú … agus déan an teanga ársa a shábháil ó bhéal a dhíothaithe.
Agus mé dóchasach go mbeidh ciall cheannaithe ag cuid agaibh tar éis an litir seo a léamh, agus nach mbeidh mo chomhthírigh ar nós chuma liom faoina dteanga dúchais as seo amach.
Mise, a fheara uaisle,
Le meas,
Tomás Rís Ceannt.
Faoin am ar scríobh Tomás an ghairm chun gnímh ghnaíúil seo, bhí sé ina chónaí i mBostún le cúig bliana anuas agus an chuma air nach raibh aon fhonn air filleadh abhaile go luath. Go háirithe tar éis a chomhlacht foilsitheoireachta féin—“Thomas Rice Kent and Co.”— a bhunú i mí na Bealtaine 1889. Ach ní imeodh ach cúpla mí thart sular fhill sé ar Éirinn i mí Mheán Fómhair 1889 gan teacht ar ais go Bostún go deo arís. É tarraingthe abhaile ag triail a ndeartháireacha agus iad os comhair na cúirte mar gheall ar “Comhcheilg Chúl an Ghabhainn” (féach ar leathanach an Athar Ferris). Ba chor cinniúnach é seo ina shaol a chuirfeadh malairt treo ar fad air.
CUID III: TEACHT ABHAILE
Ní chuirfeadh sé ionadh ort murar raibh ach cuimhne dhoiléir aige ar an gcéad dá bhliain tar éis filleadh ar Éirinn dó agus é gafa chomh mór sin le hagóidí agus téarmaí príosúnachta, an t-achrann seo go léir tarraingthe air féin ar son chúis na bhfeirmeoirí tionóntacha. Mhair sé sin go dtí gur tarraingíodh uachtarán Chumann na Talún, Charles Stewart Parnell, isteach i scannal colscartha in 1890. Chuir an scoilt a d’eascair as sin an oiread sin díomá ar na deartháireacha Cheannt gur éiríodar as an bpolaitíocht ar fad go ceann tamaill fhada ina dhiaidh sin.
Agus é ag iarraidh an t-easnamh ina shaol a líonadh b’fhéidir, d’fhill Tomás ar nósanna na seanlaethanta i mBostún agus bhí páirt á glacadh aige sula i bhfad i gceoilchoirmeacha agus drámaí i gCaisleán Uí Liatháin. Agus é de nós aige a chuid dánta a aithris go poiblí ar uairibh. B’iomaí “Féilte Ceoil Ceiltigh” a d’eagraigh sé le linn dó a bheith i mBostún agus lean sé leis an gcaitheamh aimsire sin i gCaisleán Uí Liatháin: mar shampla, ba chuimhin le fear áitiúil, Pádraig Ó Nuatáin, bualadh le Tomás “ag an ardán ar Lána na Mainistreach, gar dá theach féin. Bhí ana-shuim aige sa cheol Gaelach agus sa rince, agus ba mhinic é suite le m’ais ag éisteacht liom i mbun ceoil agus mé ag seinm do na rinceoirí.”
Fuair sé slí eile chun a dhúil i gcúrsaí cultúrtha a shásamh nuair a bhíothas ag iarraidh brainse de Chonradh na Gaeilge a bhunú i gCaisleán Uí Liatháin sa bhliain 1912 agus, go deimhin, i ndán a cumadh thart an an am sin, léirítear Tomás mar dhuine chun tosaigh sa toscaireacht a thug cuairt ar an sagart paróiste chun cead a fháil uaidh brainse a bhunú sa cheantar:
Tom Kent was there amongst them
And very plain was he
He proposed that all should
Go and see the great PP
He said unto his Reverence
We have one word to say
We want to learn this Irish
And keep it from decay
So now within your parlour
You will make for us a rule
That in order to get some shelter
We’ll have to get the schools.
He said that he would give the school
to learn this language grand
and the committee they were thankful
For they shook him by the hand.
Ní hamháin gur thug an “great PP” a bheannacht chun an teach scoile a úsáid mar cheanncheathrú, ach d’aontaigh sé a bheith mar phátrún ar an mbrainse leis. Agus ba mar sin a cuireadh brainse de Chonradh na Gaeilge ar bun i gCaisleán Uí Liatháin agus an tAthair Peadar Ó Laoghaire mar uachtarán air. As sin go ceann cúpla bliain bhí “ról lárnach ag an mbrainse seo i saol sóisialta agus caithimh aimsire an pharóiste”, dar le duine amháin. Ba bhall gníomhach é Tomás agus ranganna Gaeilge, ceoil agus rince á múineadh aige faoi scáth an bhrainse.
Bliain chinniúnach i saol mhuintir Cheannt ab ea 1914 mar b’in an bhliain ar chláraíodar le hÓglaigh na hÉireann agus chuireadar complacht Óglach ar bun i gCaisleán Uí Liatháin ní fada ina dhiaidh sin. Go deimhin, bhí ról chomh lárnach sin ag Tomás ó thaobh earcaíochta agus complachtaí nua a bhunú de gur sa choill timpeall an Bháin Aird a rinne a lán earcach cleachtadh le gunna den chéad uair agus raidhfil le muintir Cheannt á úsáid acu.
Socraíodh dáta don éirí amach—Domhnach Cásca, 24 Aibreán 1916—agus ghéaraigh Óglaigh fud fad na tíre ar a n-iarrachtaí a bheith réidh don lá mór trí dul i mbun druileála agus airm a bhailiú faoi choim. Ach is é an rud a chuir bac ar chúrsaí ná gur ceileadh eolas faoin Éirí Amach ar Eoin Mac Néil, bunaitheoir Óglaigh na hÉireann, agus nuair a fuair sé amach faoi ag an nóiméad deireanach chuir sé gach rud trína chéile trí ordú a thabhairt do na hÓglaigh gan dul i mbun ceannairce um Cháisc. Leanadh leis an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath beag beann air sin, áfach, cor sa scéal a tháinig aniar aduaidh ar mhuintir Cheannt mar, dar le Liam, agus iad tar éis géilleadh don ordú éirí as, is é an chéad scéala a fuaireadar faoi éirí amach i mBaile Átha Cliath ná tuairisc a léamh faoi sna nuachtáin.
Agus dóchas acu arís go bhfaighidís “ordú faoi dheireadh dul sa bhearna bhaoil le hÓglaigh eile”, chuaigh Liam agus a chuid deartháireacha ar a dteitheadh. D’imigh seachtain lán de theannas thart inar fhanadar i bhfolach ar fheirmeacha na gcomharsan go dtí go bhfuaireadar scéala go raibh an “an tÉirí Amach i mBaile Átha Cliath thart” agus bheartaigh siad dul abhaile. Ba bheag a shíleadar go mbeadh comhrac go himirt anama le forsaí corónach na Breataine mar thoradh ar an gcinneadh seo agus, faoin am gur éirigh an ghrian os cionn an Bháin Aird arís, bheadh deartháir amháin marbh, deartháir eile gortaithe go dona, agus a chosa nite ag an triú deartháir.
CUID IV: LÉIGEAR AN BHÁIN AIRD
Mar a d’inis Liam sa ráiteas finné a thug sé don Bhiúró um Stair Mhíleata na hÉireann sa bhliain 1947, is í an chéad leid a fuair sé go raibh rud éigin cearr ná nuair a “buaileadh cnag trom ar dhoras an halla”. Tar éis léimt as an leaba dó, rith sé isteach i seomra Thomáis le hé a chroitheadh as a chodladh leis na focail “Tá an áit timpeallaithe acu. Táimid sáinnithe amhail francaigh i ngaiste!” Agus é ag cur a chuid éadaí air go deifreach, bhéic Tomás síos chuig an dream bailithe lasmuigh: “Cad atá uaibh?”
Arsa guth borb láithreach: “Is iad na póilíni atá anseo agus tá orduithe againn an teaghlach ar fad a ghabháil.” D’fhreagair muintir Cheannt go calma agus d’aon ghuth: “Is saighdiúirí de chuid phoblacht na hÉireann sinn agus ní ghéillimid choíche!”
Ní mar sin a tharla sé dar le Constáblacht Ríoga na hÉireann (RIC). Dar leis an RIC—agus ba é an Constábla Frank King a thug a leagan den scéal sa ráiteas finné a thug sé don Bhiúró um Stair Mhíleata na hÉireann sa bhliain 1951—thosaigh eachtraí na hoíche “nuair a d’fhágamar an bheairic timpeall 2.30 r.n. ar an 2 Bealtaine 1916” agus orduithe “againn boic mhóra de chuid Sinn Féin sa cheantar a ghabháil.” Nuair a bhain an bhuíon ruathair teach Cheannt amach dúirt a phríomhchonstábla William Rowe leo suíomh a ghabháil timpeall an tí le gur féidir “gach bealach amach a choinneáil faoi bhéal gunna agus le nach mbeadh deis éalaithe ag éinne laistigh.”
Ní raibh an dá thaobh ar aon fhocal faoi cé a scaoil an chéad urchar: dar leis an gConstábla King, is ar éigean go raibh an Príomhchonstábla Rowe tar éis cnag a bhualadh ar dhoras na cistine agus a rá cad ba chúis lena thriall orthu nuair a rop freagra glórach dúshlánach amach chuige.
Más buan mo chuimhne ba iad na focail ná “Ní ghéillimid go dtí go mbeidh cuid agaibh maraithe againn!” Scaoileadh urchar leis an ndream lasmuigh díreach tar éis an freagra seo a chlos ón ndream laistigh.
Bhí leagan eile ag Liam, áfach: “Scaoil na póilíní rois piléar linn is scaoileamar leo mar fhreagairt air sin agus chuir sé sin tús le coimhlint fhíochmhar.” Ach má bhí sé ina chnámh spairne faoi cé a scaoil an chéad urchar, ní raibh dabht ar bith ann faoi cad a tharla ina dhiaidh sin: thuargain an RIC Teach an Bháin Aird le lámhach gunnaí go dtí go raibh sé “ina fhothrach agus gan pána gloine fágtha gan bhriseadh.” Ba léir méid an damáiste a deineadh ón ndá pholl urchair is tríocha a fágadh i ndoras na pantraí agus mála plúir breac le luaidhe.
Agus í sna hochtóidí le linn Léigear an Bháin Aird, ní thógfá uirthi é murar ghlac Bean Uí Cheannt aon pháirt sa chomhrac ach ní gan chúis a deineadh cur síos uirthi mar an “mháthair Spartach Éireannach úd” nuair a fuair sí bás i mí Eanáir 1917. Le linn Léigear an Bháin Aird, ba chuimhin le Liam í “i mbun gunnaí a lódáil’ agus í ag béiceadh ar a clann mhac chun iad a spreagadh. Nuair a chuaigh a ghránghunna i bhfostu fiú bhí sé de stuaim inti slat staighre a bhrú isteach sa bhairille chun an cartús fáiscthe a scaoileadh saor.
Faraor géar, ní haon mhaith muintir Cheannt a bheith seiftiúil ná misniúil mar chuaigh an cath ina gcoinne de réir a chéile go dtí, thart ar 4:30 r.n., gur tharla tubaiste nuair, i bhfocail Chonstábla King: “Bhíos in ann an Príomhchonstábla a fheiscint ar a ghogaide taobh thiar de bhalla íseal ar an dtaobh thall den teach. Phléasc roinnt urchar agus chonaiceas é ag titim siar ar mhullach a chinn.” Scaoileadh an Príomhchonstábla sa cheann agus maraíodh ar an toirt é.
“Tubaisteach” go deimhin mar b’ionann bás Rowe agus breith bháis a shíníú do Thomás féin mar is airsean a chuirfear an locht as marú an Phríomhchonstábla nuair a chuirfí ar a thriail é lá níos faide anonn. Agus cé gur uafásach an oíche í do mhuintir Cheannt, ba thubaisteach an méid a tharla don taobh eile freisin: d’fhág an PhríomhConstábla William Rowe William cúigear clainne ina dhiaidh, mar shampla, iad go léir níos óige ná sé mbliana déag d’aois, agus bhí gean na ndaoine air freisin más aon chomhartha an “slua mór de mhuintir an bhaile mhóir” a thionlaic a chónra go dtí an áit ar adhlacadh é i gclós an tséipéil i gCarraig an Éidigh.
Lean an comhrac ar aghaidh agus ar aghaidh ach ó thaobh na meanman de, caithfidh gurbh é teacht trúpaí breise ag 6:15 r.n. buille maraithe na muice do mhuintir Cheannt. Ón ionad caothúil chun faire a bhí acu thuas staighre i mBán Ard, bhí radharc breá acu ar na cúig thrucail a rop isteach sa chlós agus ar an 50 saighdiúir a léim astu, meaisínghunna nó raidhfil mar arm catha ag gach duine díobh. Murar leor é sin chun a thabhairt le fios go rabhadar tagtha, i bhfocail King, “réidh do chath mór”, chuireadar a rún in iúl go huafásach soiléir trí mheaisínghunna mór a chur suas agus é a dhíriú ar an dteach.
Ba ríléir an teachtaireacht a bhíodar ag iarraidh a chur ina luí ar mhuintir Cheannt: is ea, bhí an tuargaint a d’fhulaing sibh le trí uair a chloig anuas dona go leor, ach ní tada é i gcomparáid le cad a tharlóidh as seo amach. Go luath ina dhiaidh sin thug Liam comhartha do lucht an léigeir gur theastaigh ón dteaghlach géilleadh trí phíosa d’éadach bán a cheangal le bairille a ghunna agus é a chroitheadh amach an fhuinneog.
CUID V: I nDIAIDH AN LÉIGEIR
Ar theacht amach as a dteach scriosta dóibh, cuireadh glais lámh ar Thomás agus Liam láithreach bonn. Ach, ar chúis éigin, ní dhearnadh an rud céanna le Risteárd agus “sa chíor thuathail,” rinne sé iarracht “ar éalú trí léimt thar claí”. Tá cuma shuntasach ar fhoclaíocht Liam anseo mar tugann sé chun cuimhne an tréith is mó lena raibh aithne ag daoine ar Risteárd. Mar ba chuimhin le Pádraig Ó Nuatáin:
Chonaic mé Risteárd Ceannt den chéad uair nuair a chuaigh sé san iomaíocht i gcomórtas lúthchleasaíochta i gCónaithe. Ba sa léim ard a ghlac sé páirt sa lúthchleasaíocht den chéad uair. Thug sé an chraobh leis an lá sin mar, cé nach raibh sé ach ina thús mar lúthchleasaí, b’iontach ard a léim sé – chomh hard sin go ndúirt mórán daoine nach fada go mbeadh sé ina lúthchleasaí den chéad scoth. Tháinig tuar faoin tairngreacht: bhí clú agus cáil air fud fad na tíre mar shár-lúthchleasaí sula i bhfad. Go minic ina dhiaidh sin nuair a bhíodh Risteárd i mbun traenála don chliathrás chabhraíodh mé féin agus Liam Ó Buachalla … leis (le linn dó an chuid chise den chúrsa a rith).
Agus é ina chliathreathaí den scoth le fada an lá, an amhlaidh gur iompaigh sé ar rud ba dhual dó agus é go mór faoi strus? Cá bhfios cad iad na smaointe a bhí ag dul trí cheann Risteárd nuair a rinne sé iarracht ar éalú “trí léimt thar claí” ach faraor níor éalaigh sé rófhada sular lámhadh go talamh é i bpléasc thintrí. Agus é buailte sa dhroim le hurchar, thit sé ina chnap agus bhásaigh sé in Ospidéal Mhainistir Fhear Maí dhá lá ina dhiaidh sin.
An t-aon rud amháin go bhféadfaimís talamh slán a dhéanamh de ná ba mhór an rud ag Risteárd é a chuid gaiscí spóirt mar is léir ón ngrianghraf thíos ina bhfuil na boinn a bhuaigh sé don lúthchleasaíocht greamaithe go bródúil lena bhrollach léine. Cúis bhróin é mar sin a chlos, dar leis an gConstábla King, gur “ghoid an bhuíon mhíleata a chuardaigh an teach lá an ghabhála na boinn sin”.
Ba bheag nár lámhadh Tomás agus Liam iad féin mar, díreach tar éis géilleadh don lucht léigir:
Chuir an R.I.C. inár seasamh in aghaidh bhalla an tí sinn agus bhíodar ar tí urchair a scaoileadh linn nuair a chuir oifigeach míleata é féin idir sinn agus an scuad lámhaigh. Agus ordú á thabhairt aige do na póilíní éirí as, dúirt sé “Is mise an té atá i gceannas anseo. Tá ár ndóthain againn de dhoirteadh fola, agus gabhaim na fir seo mar phríosúnaigh chogaidh”.
Agus é ag éirí míshuaimhneach le hiompar a chomhghleacaithe, bheartaigh an Constábla King gníomhú ar deireadh thiar de réir achainí mhuintir Cheannt dul faoi dhéin sagairt. Seo í an uair a thagann an tAthair Peadar isteach sa scéal mar, dar le King:
Nuair a lámhadh Dick Kent agus é ag iarraidh éalú, d’fhágas an áit a rabhas ar dualgas gan chead agus chuas síos go dtí ceann de na trucailí ar an mbóthar agus dúirt mé leis an tiománaí mé a thabhairt go Castle Lyons faoi dhéin sagairt. Bhí Canon Peter O’Leary os comhair an Presbytery agus é ag fanacht le gluaisteán chun é a thabhairt chuig Aifreann a 7 a chlog. Ar chlos an scéal dó, tháinig sé liom sa trucail láithreach bonn. Nuair a bhaineamar teach Cheannt amach bhí an bhuíon mhíleata fós i mbun cuardaigh agus bhíodar tar éis an tseanbhean Bhean Uí Cheannt (agus í 86 mbliana d’aois an t-am sin) a chur faoi ghabháil.
Lean na gníomhartha suaracha le linn don Chonstábla King a bheith as láthair. Mar shampla, theastaigh ó chomharsa cupán tae a thabhairt do Bhean Uí Cheannt, ach dhiúltaigh oifigeach míleata do seo ar an mbonn go raibh sí faoi ghabháil. Níos tromchúisí fós, lámhadh madra de chuid mhuintir Cheannt agus “ghearr duine den bhuíon mhíleata cos de le hé a chrochadh ó bharr a loirgneán.”
Chuir an Constábla King Bean Uí Cheannt sa trucail ansin agus, ag ligint don Athair Peadar dul isteach léi, thiomáin sé an bheirt acu isteach go Mainistir Fhear Maí. Cuireadh iachall ar Thomás agus ar Liam an turas céanna a dhéanamh de shiúl na gcos, turas a bhí crua go leor ar Thomás a dhéanamh ós rud é, dar le Liam, “nár tugadh am dó a chuid bróga a chur air.” Rud a d’fhág go raibh air an chúig mhíle go Mainistir Fhear Maí a shiúl cosnocht. Mar bharr ar an ndonas, b’éigean do Thomás agus Liam siúl taobh thiar den chart ar a raibh Risteárd agus Dáithí ina luí go fannlag. Ni foláir nó gur bhocht an radharc iad agus iad ag streacháil leo faoi ghlas láimh.
CUID VI: GABHÁIL AGUS CUR CHUN BÁIS
Ar theacht go Mainistir Fhear Maí dóibh faoi dheireadh is faoi dheoidh, is ag Dia amháin atá a fhios cad a cheap muintir an bhaile mhóir nuair a chonaiceadar na deartháireacha gioblacha ag teacht chucu. Mar a tharla sé, glacadh grianghraf díobh ar Dhroichead Mhainistir Fhear Maí (grianghraf a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige ó shin) a chinntigh go ndéanfaí cuimhne go deo ar an nóiméad cinniúnach sin.
Agus tú ag féachaint ar an ngrianghraf seo, b’éasca a shamhlú cad é mar stangadh a baineadh as muintir an bhaile mhóir agus iad ag dul thart i mbun a ngnáthchuraimí an mhaidin úd nuair a chonaiceadar mórshiúl aisteach ag teacht ina dtreo. Ní foláir ná gur phreab an t-uafás ceisteanna chucu ar an bpointe boise. Ceisteanna ar nós Cé hiad na fir ghioblacha seo? Agus cad a dheineadar a bhí chomh huafásach sin gur gá iad a mháirseáil tríd an mbaile mór amhail scata bithiúnach? Agus, a mhic na scairte, cén fáth faoin spéir nach bhfuil bróga á gcaitheamh ag an bhfear sin?
Seans maith go raibh daoine níos mó ar an eolas nuair a máirseáladh na fir chéanna (Tomás bocht fós cosnocht) ar ais thar an droichid an lá dár gcionn (3 Bealtaine) agus ar aghaidh chuig Stáisiún Traenach Mhainistir Fhear Maí, áit ar cuireadh ar traein iad a bhí ag triall ar chathair Chorcaí. Tar éis do na deartháireacha tuirlingt ag Stáisiúin Traenach Bhóthar Ghleann Maghair (Stáisiún a aistríodh a ainm go Stáisiún Cheannt i gcuimhne ar an eachtra seo lá níos faide anonn), cuireadh iachall orthu siúl arís, turas dhá mhíle ar fhad an uair seo go dtí Beairic Choinneála Chorcaí. Rud a d’fhág go raibh drochbhail cheart ar chosa Thomáis faoin am ar tógadh chuig a chillín é, áit a gcoinneodh faoi ghaibhniú aonair é go dtí go dtógfaí os comhair breithimh é.
Rud a tharla an lá dár gcionn nuair, ar an 4 Bealtaine 1916, cuireadh Tomás agus Liam ar a dtriail agus an “dúnmharú toiliúil” den Phríomhchonstábla Rowe curtha ina leith. Cé nárbh fhéidir a chruthú gurbh eisean a scaoil an t-urchar a mharaigh an Phríomhchonstábla Rowe, ciontaíodh Tomás as a dhúnmharú agus daoradh chun báis é.
Fuarthas Liam neamhchiontach as an gcoir chéanna, a bhuí go pointe le daoine leithéid an Chonstábla Frank King a thug fianaise ag an dtriail gur “dhuine ciúin, neamhurchóideach é nach raibh baint ar bith aige le gníomhaíochtaí Shinn Féin.” Ní hí seo an uair dheireanach a shábhálfaí duine de na deartháireacha Cheannt nuair a rinne duine “ar an dtaobh eile” idirghabháil ar a son. Mar shampla, dar le Liam:
Murach cineáltas an Dr. Brody, chuirfí Dáithí faoi thriail armchúirte ar an toirt agus gach seans go lámhófaí é dá bharr. Choimeád an Dr Brody faoi chóir leighis san ospidéal é agus dhiúltaigh sé é a scaoileadh saor óna chúram go dtí go raibh cúrsaí tar éis socrú síos beagánín.
Cuir é seo i gcomparáid le cad a tharla don reibiliúnach de chuid 1916 Seamas Ó Conghaile ar deimhníodh go raibh sé sláintiúil a dhóthain chun é a chur chun báis. Deineadh é seo in ainneoin é a bheith gortaithe chomh dona sin nach raibh sé in ann seasamh os comhair an scuaid lámhaigh agus b’éigean dóibh scaoileadh leis agus é ina shuí dá bharr. Ar an dea-uair do Dháithí bhí duine ar thaobh na Sasanach sásta dul i bhfiontar ar a shon mar, a bhuí le moilleadóireacht an Dr Brody, bhí fearg na n-údarás maolaithe a dhóthain faoin am ar cuireadh Dáithí ar a thriail é (coicís ina dhiaidh sin) gur laghdaíodh a bhreithiúnas báis go cúig mbliana de phianseirbhís.
Ach mo léan ní bhfuair Tomás an trócaire chéanna agus, ag a 6 a chloig r.n. ar an 9 Bealtaine 1916, tógadh amach é sa chós aclaíochta de Bheairic Choinneála Chorcaí agus lámhaigh scuad de dharéag saighdiúirí é. Léirigh sé misneach i nóiméid dheireanacha a shaoil agus é ag fáil bháis, dar leis an Oifigeach i gceannas, “go han-chróga, gan aon chorrabhuais air”.
CUID VII: DAMNATIO MEMORIAE
Bás léanmhar ab ea é seo do Thomás ah ní ba léanmhaire fós ná conas mar a caitheadh leis tar éis a bháis: é caite isteach in uaigh éadomhain gan leacht, gan chónra fiú. In ionad sin, stealladh aol beo ar a chorp d’fhonn lobhadh a bhrostú. Agus ar fhaitíos go gceapfadh duine gur ghníomh fhánach a bhí sa drochíde seo, ní raibh ná é. A mhalairt glan, tharlá sé de réir polasaí rialtais na Breataine agus an t-ordú tugtha ag Maorghinearál Sir John Maxwell é féin: an fear ar cuireadh de chúram air Éirí Amach 1916 a chur faoi chois. D’ordaigh sé gur cheart an drochíde seo a thabhairt do na reibiliúnaigh in Éirinn ar an mbonn go:
Déanfaidh maoithneachas na nÉireannach scrínte mairtíreach as na huaigheanna sin agus mórshiúlta á ndéanamh chucu go bliantúil. [Dá bhrí sin] ba cheart coirp na reibiliúnach a cuireadh chun báis a chlúdú le haol beo agus iad a chur sa chré gan aon chónra.
Ní foláir nó gurbh é an rud a chuir faitíos air maidir le seo ná sochraid an Fhínín Jeremiah Uí Dhonnabháin Rosa a tharla an bhliain roimhe sin. Agus ní raibh dabht faoi ach go raibh poblachtánaigh ag tabhairt urraime dá uaigh mar a bheadh scrín ann tar éis na hóráide a thug Pádraig Mac Piarais cois a uaighe. Thaisteal Tomás go Baile Átha Cliath d’fhonn freastal ar shochraid an Fhínín ar lár i reilig Ghlas Naíon ar an 1 Lúnasa 1915, áit ar chuala sé an méid seo ón bPiarsach agus é i mbun óráide:
Tá Éire ceannsaithe, dar leo. Síleann siad go bhfuil breab glactha ag cuid againn fanacht inár dtost agus imeaglú déanta ar an gcuid eile. Síleann siad go bhfuil gach rud curtha san áireamh acu, go bhfuileadar réidh le haghaidh gach rud a d’fhéadfadh titim amach; ach na hamadáin, na hamadáin, na hamadáin!– táid tar éis ár bhFíníní básaithe a fhágaint inár seilbh; agus chomh fada agus atá seilbh ag Éire ar na huaigheanna seo, ní bheidh Éire gan saoirse faoi shuaimhneas go brách.
Bhuel, bhí an Ginearál Maxwell suite de nach bhfaigheadh muintir na hÉireann seilbh ar uaigh an Phiarsaigh ar a laghad agus sin é an fáth ar thug sé an t-ordú olluaigh a thochailt sa chlós aclaíochta de Phríosún Chnoc an Arbhair. Caitheadh an Piarsach isteach san olluaigh seo in éineacht leis na trí reibiliúnach déag eile a cuireadh chun bás as páirt a ghlacadh in Éirí Amach 1916. Beartaíodh gan aon cheann de na caoinbhéasa a bheifí ag súil leo ag sochraid a thabhairt do na fir daortha seo: ní thabharfar cónrá dóibh, ná leac uaighe, ná sagart fiú chun cúpla paidir a rá os a gcionn le linn dóibh a chur in olluaigh agus aol beo a scaipeadh tharstu.
Is é an réasúnaíocht taobh thiar de seo ná go ndéanfadh sé seo daoine gan tábhacht díobh i súile an phobail. Seans níos mo go dtarlódh sé seo, dar leis na húdaráis, agus na fir daortha curtha i gclós príosúin mar ba dheacair don phobal cuairt a thabhairt orthu dá bharr. Ba é a ndóchas ná, gan uaigh chun cuairt a thabhairt uirthi, gurbh amhlaidh gur “an rud nach bhfeiceann an tsúil, ní chránn sé an croí” a bheadh ann don phobal i gcoitinne. Más féidir in aon chor é, ba mhaith leis an nGinearál Maxwell nach dtarlódh arís an rud a tharla ag sochraid Uí Dhonnabháin Rosa. D’fhonn deimhin a dhéanamh de go n-imeodh na fir seo as cuimhne na ndaoine, dhiúltaigh sé arís agus arís eile d’iarrtais ó theaghlaigh na bhfear daortha a gcoirp a thabhairt dóibh.
Thug na Rómhánaigh damnatio memoriae air seo agus, dar leo, b’ionann é agus gach rian d’fhealltóir a scriosadh de dhroim an domhain: bíodh sin i bhfoirm dealbha a bhriseadh ina smidiríní nó pictiúir a loiteadh nó gach tagairt d’fhealltóir a bhaint ó inscríbhinní le siséal. I gcás Thomáis, agus é daortha as “cuidiú leis an namhaid” agus “cogadh a fhearadh i gcoinne a Mhórgachta an Rí”, fuair sé an drochíde chéanna agus a fuair na reibiliúnaigh i mBaile Átha Cliath: cuireadh i gclós an phríosúin é le nach mbeadh daoine in ann cuairt a thabhairt ar a uaigh ach go hannamh. É seo uile déanta chun sampla ainnis a dhéanamh de d’éinne ag smaoineamh ar éirí amach a dhéanamh i gcoinne na Sasanach.
Ach is í an fhadhb le gach rian de dhuine a scriosadh chun an chuma a chur air nach ann dó riamh ná dá mhéad a rinne na húdaráis iarracht “An tÓglach Dearmadta” a dhéanamh as Tomás Ceannt, is ea is mó a ghríosaigh sé seo daoine chun é a choiméad beo i gcuimhne na ndaoine. Mar shampla, tháinig an club camógaíochta Thomáis Ceannt ar an bhfód bliain tar éis a bháis agus, ní fada ina dhiaidh sin sa bhliain 1918, baisteadh club Shinn Féin ina onóir i Mainistir Fhear Maí. Agus ansin, ar ndóigh, tháinig an Banna Píob Thomáis Cheannt ar an saol agus é fós faoi lánseol sa lá atá inniu ann. Ba chuma má cuireadh a uaigh i bhfolach ar an saol taobh thiar de bhallaí an phríosúin mar sin, fad is a bhí grúpaí mar seo beo beathach, ní dhéanfar dearmad air go deo.
Tá leac chuimhneacháin os comhair an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin a ndéanann comóradh ar “Thomás Ceannt a cuireadh chun báis ar an 9 Bealtaine 1916” agus i bhfianaise an méid thuas nach cuí an rud é go gcríochnaíonn sí leis an sliocht seo: “NÍ BHEIDH ÉIRE GAN SAOIRSE FAOI SHUAIMHNEAS GO BRÁCH” – P. H. PEARSE.
Dar leis an bPiarsach, is é an botún a dhéanann gabhálaithe eachtrannacha go minic ná a cheapadh gurb ionann na reibiliúnaigh a mharú agus deireadh a chur leis an mbagairt. Ach má bhreathaíonn tú ar an stair san fhadtéarma, mar a rinne an Piarsach, bheadh a fhios agat nach raibh i mbás na reibiliúnach ach an tús. Óir, san óráid a thug sé i reilig Ghlas Naíon in 1915, is é an rud a bhí á mhaíomh ag an bPiarsach ná, fad is ba é géarleanúint an t-aon fhreagra a bhí ag Sasana ar iarrachtaí mhuintir na hÉireann saoirse a bhaint amach, ní bheadh deireadh go deo leis an dtimthriall síoraí d’éirí amach agus de chur faoi chois. Mar níor éirigh le gach cur faoi chois ach na síolta a chur le haghaidh an chéad éirí amach eile trí a thuilleadh oilc a chothú.
Agus iad mar mheabhrú ar bhrúidiúlachtaí a deineadh cheana mar sin, b’uirlis troda chumhachtach í uaigheanna na reibiliúnach curtha chun báis sa chogadh tnáite idir Éire agus Sasana agus, san fhadtéarma, má b’fhíor don Phiarsach, ba é toil na Sasanach greim a choiméad ar Éirinn a loicfidh roimh thoil na nÉireannach leanúint ar aghaidh leis an dtroid. Dá mairfeadh sé chun uaigh Thomáis Cheannt a fheiceáil, níl dabht faoi ach go ndíreodh an Piarsach a mhéar uirthi mar chás a bhain le hábhar: agus na húdaráis choilíneacha ag iarraidh Tomás a ruaigeadh as cuimhne na ndaoine, b’amhlaidh gur chinntíodar go mairfeadh a cháil go deo.
CUID VIII: IDIR DHÁ CHOMHAIRLE
Mar a tharla sé, chuir an t-uafás i leith an chaoi bhrúidiúil inar caitheadh le ceannairí Éirí Amach dlús le deireadh le réimeas na Sasanach in Éirinn. Ach is ionann an dearcadh seo agus an stair a léamh droim ar ais mar ní raibh buntáiste na hiarghaoise ag iadsan arbh éigean dóibh leanúint ar aghaidh leis an saol tar éis Éirí Amach 1916. Go deimhin, i súile mórán doirteadh fola gan chiall a bhí san Éirí Amach seachas iarracht chróga ar shaoirse a bhaint amach.
Agus é idir dhá chomhairle faoi, léirigh an tAthair Peadar an meon éiginnte go glinn. Le filleadh ar an maidin úd arís, díreach tar éis Léigear an Bháin Aird, nuair a chonacthas an tAthair Peadar sa trucail i dteannta Bhean Uí Cheannt, bhí mórán daoin den tuairim go raibh sé curtha faoi ghabháil freisin. Dá gcloisfeadh sé an dúirse dáirse seo, ní mó ná sásta a bheadh sé óir bhí sé glan i gcoinne aon dhlúthbhaint a bheith idir lucht na Gaeilge agus reibiliúnaigh faoi airm. Mar is léir ón litir seo a scríobh sé in 1903:
Tá ár ngluaiseacht cosúil le bean chéile Caesar. Caithfear í a choimeád “saor ó amhras.” An t-aon aidhm atá aici ná an teanga dúchas a chaomhnú agus sin uile … ‘Is dream ‘neamhsheicteach’ agus ‘neamhpholaitiúil’ sinn … Troidfidh mé leis an ndiabhal é féin sula ligfinn dóibh ár ngluaiseacht a chur ar bhóthar a haimhleasa!
Agus cinnte faoin am a raibh Tomás ina cheannfort ar Óglach Gaibhlte agus é fós ina bhall gníomhach de bhrainse de chuid Chonradh na Gaeilge i gCaisleán Uí Liatháin, bhí sé ina shárshampla den rud a raibh eagla ar an Athair Peadar roimhe. Óir, trí ghluaiseacht na Gaeilge a tharraingt isteach i bpolaitíocht sheicteach, bhí sé ag teacht salach ar an spiorad ionchuimsitheach inar bunaíodh Conradh na Gaeilge. Mar, tar éis an tsaoil, nach Protastúnach a bhí i nDubhghlas de hÍde is é gnaíúil leis agus é de nós aige Conradh na Gaeilge a chur chun cinn mar éagraíocht a bhí oscailte do chách, beag beann ar a gcine ná a gcreideamh. Is cuma sa sioc faoina gcúlra, dar leis, fad is go raibh grá ina gcroíthe acu don “grand old tongue”.
Cuir é seo i gcomparáid le Tomás, fear a d’aontaigh (nuair a bhí giúmar teasaí air pé scéal é) leis an dearcadh gur Dulce et decorum est pro patria mori [“Is beart aoibhinn uasal é bás a fháil ar son do thíre.”] Mar is léir ó dhán a scríobh sé tamall beag roimh Éirí Amach 1916:
Let him who feels shame for his ancestor’s story,
Begone from our pathway – let ours be the glory.
We’ll conquer or die as our fathers of old
Have died for the land of the green, white, and gold.
An oíche úd nuair a cliseadh as a gcodladh iad le cnag ar an ndoras, an raibh sé de cheart ag muintir Cheannt cur in aghaidh a ngabhála mar sin? Cuir a cheist sin ar na daoine a chuir an leac chuimhneacháin suas ar Dhroichead Mhainistir Fhear Maí (in 1966) agus is dócha gurb é an freagra a thabharfaidís ná “Bhí gan amhras!” Tá an méid sin soiléir óna gcur síos ar ghníomhartha mhuintir Cheannt an lá úd mar “Poblacht na hÉireann a chosaint go huasal i gcoinne arm forghabhála Shasana.” Ach, dairíre píre, an b’in é an dearcadh a bheadh ag Tadhg an mhargaidh nuair a scaip an scéal faoi Léigear an Bháin Aird ar dtús? Ní hamhlaidh a bhí más aon chomhartha na tuairiscí sna nuachtáin náisiúnacha sna laethanta dar gcionn. Mar shampla, ba léir an drogall a bhí ar an Cork Examiner, cuma na ngaiscíoch a chur ar mhuintir Cheannt nuair a bhaisteadar “The Fermoy Affray” ar a gcoimhlint leis na póilíní.
Go deimhin, an lá tar éis an achrainn i mBán Ard (3 Bealtaine), chuir an Cork Examiner in iúl é mar thubaiste gan chiall: “Tá an eachtra thruamhéalach seo tar éis go leor cainte a tharraingt sa bhaile mór agus sa cheantar máguaird … Ceapann muintir Mhainistir Fhear Maí gur mór an náire é an clampar seo ar fad agus é de nós acu a bheith ina gcónaí lena chéile agus leis na húdaráis go síochánta le fada an lá”.
Chun dearcadh níos leithne a thógáil, agus tuairisciú á dheanamh acu ar an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath, dhein an Wicklow People beag is fiú de mar ríra déanta ag “gligíní agus daoine tugtha don aislingeacht”. Bhí an Roscommon Herald chomh fonóideach céanna agus cur síos á dhéanamh acu ar cheannairí 1916 mar scata “filí craiceáilte”. Seans go bhfuil cuma mheata ar an gcaint seo anois agus é á léamh in Éirinn atá ina Poblacht le os cionn seachtó bliain. Ach ní thugann an dearcadh seo Cothrom na Féinne d’iad siúd a mhair tríd an dtréimhse chorraitheach seo mar níorbh léir dóibhsean cé a bheadh ar thaobh ceart na staire go ceann tamaill fhada ina dhiaidh. Chun an prionsabal seo a léiriú i gcás mhuintir Cheannt, nuair a iompraíodh cónra Risteáird trí Mhainistir Fhear Maí, chuaigh roinnt daoine síos ar a nglúine agus iad ag gol go faíoch le linn dó dul thar bráid. Ach bhí daoine eile ag faíreach ina dhiaidh.
Os a choinne sin, dá n-éistfí le lucht na céille leithéid an Athar Peadar gach seans go mbeadh Éire fós mar chuid den Ríocht Aontaithe. Murach daoine ar nós Tomáis—fir agus mná a bhí sásta dul sa seans ainneoin na n-ainneoin—ní dócha go n-imeodh údarás na Breataine as Éirinn agus é curtha ar a shúile dóibh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
CUID IX: ATHRÚ MEOIN
Ach fiú agus daoine ag easaontú lena chéile fós is féidir leo tarraingt le chéile in am an ghátair agus seo mar a tharla leis an Athair Peadar agus muintir Cheannt. Cuir i gcás, nuair a theastaigh ó na deartháireacha Cheannt faoistin a dhéanamh agus iad ar a dteitheadh le linn Sheachtain na Cásca 1916, ba é an tAthair Peadar a bhuail leo faoi choim i dtigh comharsan. Ba eisean a “tháinig láithreach bonn” nuair a d’inis an Constábla Frank King dó faoin gcath lámhaigh a tharla ag Bán Ard. Seans gur bhain an méid a chonaic sé an mhaidin úd stangadh as chomh maith le cur ar a shúile dó go raibh údaráis na Breataine sásta dul thar fóir chun greim a choinneáil ar Éirinn.
Agus b’fhéidir gurb é seo is cúis leis an athrú meoin a tháinig air sa mhí tar éis báis Thomáis. Ba léir an athrú meoin seo i litir a scríobh sé ar an 19 Meitheamh 1916:
A Shéamuis a chara,
An rud a d’imigh ar t’aigne, i dtaobh an éirí amach i mBaile Átha Cliath, d’imigh sé ar m’aigne-se leis. Bhíos ar dearg bhuile chun na mbuachaillí mar gheall ar iad a bheith chomh mór gan chiall. Ach nuair a tháinig an lámhach, gan aon ghátar leis chuaigh mo dhearg bhuile anonn chun an taoibh eile … Deirim leat go bhfuil obair chontúirteach ar siúl ag Lloyd-George. Tá súil agam ná déanfid fir Éireann ‘margadh na leanbh’.
Go gcuirí Dia ar ár leas sinn!
Do chara,
Peadar Ua Laoghaire.
Sa mhéid seo bhí sé ar aon intinn leis an bpobal i gcoitinne: cé go raibh a lán Éireannach idir dhá chomhairle faoi neamhspleáchas roimh an Éirí Amach, chuir brúidiúlacht na n-údarás i leith na reibiliúnach déistin chomh mór sin orthu gur spreag sé iad chun Saorstát Éireann a bhaint amach sé bliana ina dhiaidh sin.
Agus an fód á sheasamh go baothdhána acu an mhaidin úd i mBán Ard mar sin, an amhlaidh go raibh a fhios ag muintir Cheannt go mbeadh tionchar cinniúnach acu ar an stair? Ní dóigh liom é ach seans gurb in é an chúis a bhfuil a gcáil mar laochra tuillte acu: throideadar ar son na saoirse agus a fhios acu gur chaolseans a mhairfidís chun é a bhlaiseadh.
Anois agus aithne beagánín níos fearr agat air, tuige nach dtabharfá cuairt ar uaigh mhuintir Cheannt, áit a bhfeicfidh tú ainm Thomáis snoite go húr taobh le hainmneacha a dheartháireacha. Agus b’fhéidir abair paidir ansin ar son anam an Reibiliúnaigh Fhileata de chuid Chaisleán Uí Liatháin. É tágtha abhaile faoi dheireadh tar éis naoi mbliana is nócha a chaitheamh mar dheoraí.
FOINSÍ
“Blog: Thomas Kent & Cork’s 1916 Rising.” 14 May 2016 <https://www.rte.ie/news/2016/0514/788191-thomas-kent-and-cork-1916-rising/>.
Britway – Castlelyons – Kilmagner: Reunion 1991. Cork: Castlelyons Committee, 1991.
“Kilmainham Tales 1916.” < http://www.kilmainhamtales.ie/1916–burials-at-arbour-hill.php>.
Duncan, Mark. “Reporting the Rising: Press Coverage of Easter 1916.” < https://www.rte.ie/centuryireland/index.php/articles/reporting-the-rising>.
Hoare, Brendan. “The Kents of Bawnard. 2007 <http://castlelyonsparish.com/wp-content/uploads/2016/02/The-Kents-of-Bawnard-by-Brendan-Hoare.pdf>.
Kent, William. “Statement by William Kent on The Fight at Bawnard House, 2nd May, 1916.” Óglaigh na hÉireann: Military Archives < https://www.militaryarchives.ie/collections/online-collections/bureau-of-military-history-1913-1921/reels/bmh/BMH.WS0075.pdf>.
King, Frank. “Statement by Frank King on the Arrest of the Kent Family at Castlelyons, Co. Cork, 2nd May 1916”. Óglaigh na hÉireann: Military Archives < https://www.militaryarchives.ie/collections/online-collections/bureau-of-military-history-1913-1921/reels/bmh/BMH.WS0635.pdf>.
McGreevy, Ronan. “1916 court martials and executions: Thomas Kent.” Irish Times 3 May 2016 < https://www.irishtimes.com/culture/heritage/1916-court-martials-and-executions-thomas-kent-1.2631112>.
Ní Mhaonaigh, Tracey, Ed. Tháinig do Litir: Litreacha ó Pheann an Athar Peadar Ó Laoghaire chuig Séamus Ó Dubhghaill. An Daingean: Sagart, 2017.
O’Brien, Eilish and Pat. Mise an Mac San: Remembering an tAthair Peadar Ó Laoghaire. Cork: Sciob Sceab, 2018.
Ryan, Meda. Thomas Kent: 16 Lives. Dublin: O’Brien P, 2016.
“The Executed Thomas Kent.” The 1916 Rising: Personalities and Perspectives. National Library of Ireland. 15 April 2022 <http://www.nli.ie/1916/exhibition/en/content/executed/thomaskent/>.
“Thomas Kent: The Forgotten Volunteer No Longer.” The Examiner 18 Sept. 2015. < https://www.irishexaminer.com/news/arid-30696604.html>.