Fáilte chuig na leathanaigh ghréasáin bainteach leis an gclár eolais i gclós an tséipéil i gCáisléan Uí Liatháin.
- Cliceáil ANSEO chun guth an Athar Peadar a chlos chomh maith le cuntas a fháil ar conas mar a taifeadadh é sa bhliain 1907
- Cliceáil ANSEO le haghaidh “An Nestor Éireannach” (cuntas ar an údar ceannródaíoch, an tAthair Peadar Ó Laoghaire)
- Cliceáil ANSEO le haghaidh “An Sagart Díshealbhaithe” (cuntas ar an bhfeachtasóir ar son Chumann na Talún, an tAthair Thomas Ferris)
- Cliceáil ANSEO le haghaidh “An tÓglach Dearmadta” (cuntas ar an reibiliúnach fileata Tómás Ceannt)
Cé gur iomaí duine a chabhraigh chun an tionscadal seo a thabhairt le chéile, tá buíochas faoi leith ag dul do na daoine seo:
Christian Liebl, Mag.phil., MSc, ón Phonogrammarchiv sa Vín as cead a fháil ó Chló Acadámh Eolaíochtaí na hOstaire chun na taifeadtaí a rinne Trebitsch den Athair Peadar a chur ar fáil ar na leathanaigh ghréasáin seo. Más maith leat tuilleadh taifeadtaí Ceilteacha de chuid Trebitsch a chlos, is féidir dlúthdhiosca díobh a cheannach anseo: https://verlag.oeaw.ac.at/produkt/celtic-recordings-ireland-wales-brittany-isle-of-man-and-scotland-1907-09/600310?product_form=2034
Conor Nelligan, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Chorcaí, as sinn a spreagadh an chéad lá riamh chun cur isteach ar mhaoiniú ón scéim Éire Ildánach. Míle buíochas freisin do Choiste Cuimhneacháin Chomhairle Contae Chorcaí as ucht an maoiniú breise a bhronnadh a chuir ar ár gcumas dealbh chré-umha a choimisiúnú (féach thíos).
Mile buíochas do Virginia Cantillon ní hamháin as ucht slacht a chur ar an iarratas maoinithe ach as sinn a spreagadh freisin chun dealbh cré-umha a choimisiúnú den fhear a ndúradh faoi tráth go raibh sé gach pioc chomh maith le Charles Dickens. Agus tá an-áthas orainn go ndearna sí amhlaidh mar rinne an dealbhóir Seamus Connolly ó Ghailearaí Chill Bheathach éacht ó thaobh an tAthair Peadar a léiriú ina steillbheatha. Go deo arís ní féidir le daoine teacht agus imeacht ó chlós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin gan cliú a bheith acu go bhfuil triúr chomh lárnach sin i stair na háite curtha ann. I gcás an Athar Peadar, ní gá ach féachaint ar an ndealbh chré-umha cois a uaighe chun íomhá bheoga a fháil de ina steillbheatha.
James Ronayne, Seamus Geary agus Comhairle Pobail Chaisleán Uí Liatháin as maoinú breise a thabhairt chun íoc as as ndealbh chré-umha. Léiríonn a gcuid tacaíochta cé chomh díograiseach is atá Caisleán Uí Liatháin ó thaobh chaomhnú na hoidhreachta de.
Marie Murphy as ucht na leathanach seo a léamh le súil ghrinn an eagarthóra. Ba ise a ghlac cuid mhaith de na grianghraif atá le feiceáil ar na leathnaigh seo freisin.
Austin Bovenizer ó Bovenizer Design as an gclár eolais a dhearadh agus a dhéanamh go snasta.
An tAthair Gerard Colmán as cead a thabhairt na leathanaigh ghréasáin seo a óstáil ar castlelyonscatholicparish.ie, áit a mbeidh siad ina bhfoinse eolais do chuairteoirí chuig clós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin as seo amach. Sheas sé sa bhearna bhaoil ar an 21 Márta 2020 freisin nuair a chuir an dianghlasáil deireadh leis an gcomóradh a bhí beartaithe chun céad bliain ó bhás an Athar Peadar a cheiliúradh. Ach rinne an tAthair Colmán a chion an lá sin (nár laga Dia é!) mar, féach thíos é, i mbun cúpla paidir a rá cois uaighe le nach n-imeodh lá an chomórtha thart gan suntas éigin a thabhairt dó.
Agus, an meall mór ar deireadh, cá mbeimís gan mo chomhúdar (agus mo mháthair!) Eilís Uí Bhriain. Murach an spéis a chuir sí sna scéilíní faoin “sagart ina chóta fada dubh agus a hata” a d’fheictí go minic i mbun siúlóide suas ár mbóthar féin, ní dócha go dtabharfainn mórán suntais don fhear a scríobh a chuid leabhar go léir i bhfoisceacht míle de mo theach féin agus é ar dhuine de mhórscríbhneoirí Athbheochan na Gaeilge é. Ó thaobh é a choimeád i gcuimhne na ndaoine, tá lorg Éilíse go láidir ar an dtionscadal seo.
Agus ós ag caint air sin atáimid, más maith leat cóip dár leabhar Mise an Mac San: Ag Cuimhneamh ar an Athair Peadar Ó Laoghaire a cheannach, tá fáilte romhat ríomhphost a chur chugam ag obrienpat312@gmail.com. Seachas sin, tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as na leathanaigh ghréasáin seo as an mblaiseadh a thugann siad d’am fíorspéisiúil i stair na hÉireann. Seans go bhfuil cuma pharóisteach ar dhíriú isteach ar thriúr a mhair i sráidbhaile beag tuaithe ach, dar liomsa, tugann cíoradh scéal a mbeathaí léargas an-phearsanta ar conas mar a bhraith sé a bheith beo le linn tréimhse fíorchorraitheach.
Mar an gcéanna, cé go gceapfadh duine gur áit í Cáisleán Uí Liatháin atá beagánín ar an gcúlráid sa lá atá inniu ann, ní hamhlaidh a bhí ag tús an fichiú haois. Am a raibh cúrsaí a chuirfeadh cor i gcinniúnt na tíre ag titim amach ar stáitse áitiúil. Agus cén fáth nach dtitfeadh nuair a bhí dlúthbhaint idir an chosmhuintir agus ceisteanna móra na linne: an feachtas ar son chearta na bhfeirmeoirí tionóntacha; an streachailt chun an Ghaeilge a thabhairt slán; an troid chun neamhspleáchas polaitiúil a fháil ó Shasana. Tabhair cuairt ar chlós an tséipéil i gCaisleán Uí Liatháin mar sin agus gheobhaidh tú áit ina bhfuil scéalta suimiúla le hinsint ag na clocha féin. Is é sin, má thógaimid an t-am chun na hinscríbhinní atá scaipthe timpeall na háite a léamh. Mar is iomaí scéal suimiúil atá faoi cheilt taobh thiar de na litreacha seanchaite greanta orthu.
Beir bua,
—An Dr. Pádraig Ó Briain, Caisleán Uí Liatháin, Mí Mean Fómhair 2022.